ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 6
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Mo Phortráid Teanga
Gníomhaíochtaí molta
Sula dtosaímid:
Tomhais cé mhéad
teanga a úsáidtear inár
• Cuireann an t-oide a phortráid/portráid teanga féin i láthair agus míníonn sé/sí na róil
éagsúla atá ag teangacha éagsúla ina shaol/saol
• Oibríonn na páistí ar a bportráid teanga féin (sa Phas Teanga nó ar leathanach ar leith)
scoilne/bpobal
• Fiafraíonn an t-oide de na páistí cé na teangacha a labhraíonn daoine sa rang, agus
múineann sé/sí na comharthaí dóibh
• Cuireann páistí a bportráid teanga i láthair a chéile agus déanann siad cairt/póstaer ilteangach de na teangacha ar fad óna rang.
Scríobhtar ainm na dteangacha sa teanga dhúchais (e.g Polski don Pholainnis) agus b’fhéidir ainm na bpáistí san áireamh.
Cleachtann siad comharthaí na dteangacha sa phortráid teangacha.
• Iarr ar pháistí an ghníomhaíocht ar leathanach 4 den Phas Teanga a dhéanamh: ‘Cén fáth a bhfoghlaimeofá teanga?’ Is féidir
iarraidh orthu nóta a dhéanamh de na cúiseanna is minice a roghnaíodh sa rang, agus is féidir plá a dhéanamh ar an bhfáth
arbh iad sin na cúiseanna is tábhachtaí dóibh
• Is féidir iarraidh ar pháistí páirtí ranga a aimsiú a bhfuil rud éigin i bpáirt acu leo, mar shampla: teangacha comónta, an teanga
chéanna in úsáid sa chomhthéacs céanna, na cúiseanna céanna a bheith roghnaithe sa ghníomhaíocht ‘Cén fáth a
bhfoghlaimeofá teanga?’
• Is féidir páistí a spreagadh chun na torthaí a chur le chéile le torthaí i ranganna eile atá ag glacadh páirt sa mhodúl. Ansin
leasaigh an póstaer ‘I bpobal ár scoilne, labhraímid’ atá san áireamh sa phaca scoile, agus cuir ar taispeáint é i bhfoirgneamh na
scoile.
Sula gcríochnaímid:
Spreag na páistí le cur síos a
dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim
siad agus leis na smaointe sin a nótáil.
Spreag na páistí le leanúint leis
an bplé ar fhéiniúlacht teanga
sa bhaile.
Curtha ar fáil ag
6
Tacaithe ag