3049 PPLI & LC Combined A5 Information Brochure Irish (1) - Flipbook - Page 2
Éagsúlú agus tacú
le roghnú teangacha
• Múinteoirí cuartaíochta lasmuigh
den chuóta agus múinteoirí breise
chun tacú le tabhairt isteach teangacha
nua agus tearctheagasctha
• Ranganna ar an Satharn – ranganna
Ardteistiméireachta i réimse teangacha
agus ionaid fud fad na hÉireann
• Maoiniú do champaí samhraidh
i dteangacha oidhreachta agus
tearctheagasctha
• Maoiniú do leabhair leabharlainne
i dteangacha oidhreachta/baile
• Tabhairt isteach teangacha nua
Tacú le Múineadh agus
Foghlaim NTI ar scoil
• Tacaíocht, áiseanna agus traenáil
do mhúinteoirí NTI
• Maoiniú d’uasoiliúint mhúinteoirí
• Tacaíocht d’fhoghlaim chumaisc NTI
• Pobail chleachtais do mhúinteoirí NTI
• Traenáil agus tacaíocht do Chúntóirí
Teangacha Iasachta agus múinteoirí
comhoibrithe
• Múinteoirí breise do scoileanna
• Maoiniú do mhalartuithe scoileanna
• Traenáil agus tacaíocht do mhúinteoirí
a chuireann i bhfeidhm modheolaíocht
Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus
Teangacha (FCÁT)
Daoine a chur ar an eolas
faoin luach a bhaineann le
scileanna teangacha iasachta
• #ThinkLanguages – ceiliúradh bliantúil
ar theangacha le ceardlanna spraíúla,
cainteoirí, comórtais agus gníomhaíochtaí
• Tacaí agus áiseanna do threoirchomhairleoirí
• Feachtais meáin shóisialta Languages
Connect – físeáin, comórtais, noda agus
comhairle faoi fhoghlaim teangacha
• Ábhair bholscaireachta agus físeáin
do mhúinteoirí, scoláirí agus treoirchomhairleoirí
• Imeachtaí scoláirí, múinteoirí, treoirchomhairleoirí, príomhoidí agus comhdhálacha
• Ranganna blaisithe ar Oíche Chultúir i
gcomhpháirt le Coimisiún an AE