Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 93
Gníomhaíocht:
Tharla 5ú imeacht bliantúil #ThinkLanguages i scoileanna ar fud na tíre ón 17ú Samhain 2022. Ghlac breis
agus 180 scoil ar fud na tíre páirt sa mhórimeacht le líon níos mó ná riamh scoláirí idirbhliana páirteach ann.
Tá an t-imeacht tar éis fás go mór ó bunaíodh é cúig bliana ó shin, agus ligeann an leagan amach scoile do na
huimhreacha fás bliain i ndiaidh bliana.
Bhain scoileanna leas as an téama ‘Smaoinigh go domhanda, gníomhaigh go háitiúil’ dá n-imeachtaí féin,
agus thug go leor acu cuireadh do réimse leathan cainteoirí áitiúla a scéalta pearsanta gairme agus teanga a
roinnt. Ghlac baill de na fórsaí cosanta, den Gharda Síochána, d’ollscoileanna agus den phobal áitiúil gnó, i
measc daoine eile, páirt ann.
Bhí an-rath ar na ceardlanna a reáchtáil scoláirí i mbliana, agus thug scoláirí fud fad na hÉireann léargas ar a
dteanga agus cultúr. Thug roinnt tuismitheoirí, múinteoirí agus lucht gnó áitiúil léargas ar a gcultúir
oidhreachta agus teangacha, sheinn siad ceol nó bhácáil siad miasa traidisiúnta chun go bhfoghlaimeodh
scoláirí ar bhealach spraíúil fúthu.
Pacaí spraíúla Imeachta
Chun tacú leis na himeachtaí, chuir Languages Connect réimse aiseanna chuig gach scoil, trealamh
bainistíocht imeachta san áireamh ina raibh stiallbhratacha, póstaeir, earraí bolscaireachta, agus go leor eile.
Chuir Languages Connect ceardlanna réamhthaifeadta agus beo, cainteanna, gníomhaíochtaí agus go leor ar
fáil chun cuidiú le scoileanna leas a bhaint as an lá.
Searmanas oscailte
Ba é buaicphointe na bliana ná an Searmanas Oscailte
spreagúil, a chuir tús leis an gceiliúradh in go leor de na
scoileanna. I measc na ndaoine a bhí páirteach ann, bhí
Peter Sherrard, príomhfheidhmeannach Chomhairle
Oilimpeach na hÉireann, Killian Sundermann, fear grinn,
Mandy Cherie, tionchaire faisin, Ethan O’Brien, aistritheoir
cluichíochta agus Gintare Gedmintaite, scoláire Erasmus.
Thug siad ar fad léargas ar a gcaidreamh le teangacha
iasachta, agus phléigh siad an t-ardluach a thug a gcuid scileanna dá saol pearsanta agus gairmiúil.
Tráth na gCeist Náisiúnta
Sháraigh an tráth na gceist náisiúnta an curiarracht in 2022 le breis agus míle foireann páirteach le ceisteanna
gasta ar theangacha agus cultúir. Reáchtáladh an tráth na gceist faoi dhó sa lá, rud a thug solúbthacht do
scoileanna dá gclár imeachtaí féin. Bhuaigh foireann ó Choláiste Edmund Rice ar maidin agus bhuaigh scoláirí
ó Choláiste Nano Nagle tráthnóna.
Meáin Shóisialta agus clúdach na meán
Glacadh grianghraif agus físeáin iontacha den cheiliúradh ar fud na tíre agus roinn go leor scoileanna iad ar
na meáin shóisialta agus sa nuachtán áitiúil – is bealach iontach é sin chun teangacha a chur chun cinn ar
scoil agus sa phobal áitiúil.
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
93