Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 12
Traenáil do Chúntóirí Teangacha Iasachta
agus Múinteoirí Comhoibrithe
49 scoil
Gníomh 1.C.3
309 CTI agus MC cláraithe
19 n-ionad
Léargas Ginearálta:
Tugann TIBÉ tacaíocht do mhúineadh agus d’fhoghlaim do
Chúntóirí Teangacha Iasachta (FLA) agus a gcuid Múinteoirí
Comhoibrithe (CT). Tugann TIBÉ tacaíocht agus eolas ag
imeachtaí cuí, amhail ionduchtú FLA, do scoileanna a chuireann
isteach iarratas a bhfuil rath air, agus tar éis cuireadh a fháil, do
na hinstitiúid/hambasáidí chultúrtha dá dtraenáil dírithe ar
chúntóirí teangacha iasachta.
Príomhaidhmeanna::
•
Eispéireas le múineadh agus le foghlaim d’ardchaighdeán do scoláirí agus do scoileanna a bhfuil seirbhísí CTI
don scoilbhliain – é seo a chur ar fáil.
•
Cuir chuige múineadh agus foghlama a chur ar fáil a chuireann le timpeallacht foghlama tarraingteach, amhail
cluichí agus rólimirt.
•
Na torthaí foghlama is fearr a chinntiú do scoláirí, trí rath agus nuálaíocht i gcleachtais múineadh agus
foghlama a phleanáil agus a spreagad
Gníomhaíocht:
Rinneadh tuilleadh ullmhúcháin i rith na bliana, chun fáilte a chur roimh na cúntóirí nua teangacha iasachta in
2022-23 agus chun tacú lena n-imeascadh i saol na scoile in Éirinn. I mí Mheán Fómhair 2022, chláraigh 309 CTI
agus MO don chéad bhabhta de seisiúin tacaíochta i láthair go pearsanta. Ag na seisiúin, d’fhéach na
rannpháirtithe ar smaointe chun comhoibriú a fhorbairt agus chun pleanáil don scoilbhliain romhainn. Ba iad
oifigigh agus comhlaigh TIBÉ a chuir na seisiúin ar fáil, in 19 n-ionad trasna na tíre thar thréimhse dhá sheachtain i
mí Dheireadh Fómhair 2022.
Chuir TIBÉ tacaíocht ar fáil ag ionduchtú na CTI na Roinne Oideachais, ag soiléiriú mar ab fhéidir cuidiú le CTI ina
gcuid cleachtais múinte agus foghlama. Ar iarratas ó ambasáid na Fraince, tugadh tacaíocht do chúntóirí
teangacha Fraincise, trí léargas a thabhairt ar chóras oideachais na hÉireann.
Trí 2022, thacaigh TIBÉ leis na CTI agus MO. Nascadh gach CTI le comhlach TIBÉ i nDeireadh Fómhair 2022 chun
tacú leo fad a bheidh siad rannpháirteach sa scéim. Thacaigh na comhlaigh leis an CTI le ceisteanna faoi
mhúineadh agus faoi fhoghlaim. Ligeann an nasc seo do CTI dul i dteagmháil le comhlach ainmnithe aon uair chun
tacaíocht agus treoir a fháil.
12
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-