Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 13
Tionchar:
Ar an iomlán, in 2022, bhí ar chumas TIBÉ tacaíocht shonrach a thabhairt do scéim na CTI, ag cuidiú le
múinteoirí, CTI agus scoileanna sa phróiseas iontrála, ina gcuid ullmhúchán do theacht na CTI, agus trí chur le
forbairt ar na cleachtais i múineadh agus foghlaim éifeachtach comhoibrithe, mar a eascraíonn as
rannpháirtíocht an CTI i saol na scoile.
Roinnt aiseolais ó rannpháirtithe maidir le seisiún Dheireadh Fómhair 2022:
Bealach álainn chun bualadh le múinteoirí teanga eile agus chun nascadh le cúntóirí sa réimse. Cuireadh an cúrsa
i láthair ar bhealach croíúil, cairdiúil.’
Ionad Oideachais Áth Luain
‘Shíl mé go raibh sé úsáideach do MC agus do CTI iad féin a chur in áit duine i rith ceann de na tascanna, don dá
thaobh tuiscint níos fearr a fháil ar na rólanna, agus a bheith feasach ar aon fhadhb a d’fhéadfadh teacht chun
cinn i rith na bliana. Sílim go mbíonn sí níos fearr aghaidh a thabhairt orthu sula dtarlaíonn siad!’
Ionad Oideachais Dhroim Conrach
‘Tá sé go maith smaointe praiticiúla a fháil. Bhí an seisiún spreagúil domsa mar CTI chomh maith.’
Ionad Oideachais Loch Garman
‘Áisitheoirí an-mhaith. Cásanna an-mhaith do mhúinteoirí agus CTI araon.’
Ionad Oideachais na Gaillimhe
‘Bhí atmaisfeár álainn taitneamhach ann , go háirithe tar éis lá iomlán oibre. Go raibh maith agat as na moltaí
iontacha. Bhí sé an-chabhrach smaointe a mhalartú.’
Ionad Oideachais Mhuineacháin
An chéad chéim eile
•
Cruinniú leis na páirtithe leasmhara chun súil a choinneáil ar dhul chun cinn na scéime i rith na
scoilbhliana go dtí seo (Eanáir 2023)
•
Tabhairt isteach seisiún tacaíochta 2 do CTI-MC (Eanáir-Feabhra 2023)
•
Athbhreithniú ar líon na seisiún agus ar líon na dtacaíochtaí chun a chinntiú go bhfuil go leor ann
•
Forbair naisc teagmhála agus malartaithe féideartha le scoileanna i gceantar dúchais an CTI.
•
Cuir seisiún eolais ar fáil do scoileanna a bhfuil rath orthu (Bealtaine 2023)
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
13