Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 14
Spotsolas ar Scoileanna
Gníomh 1.C.1
5 thuairisc
Achoimre:
Taispeánann Spotsolas ar Scoileanna an cleachtas is fearr de Nuatheangacha Iasachta (NTI), de ranna agus de
mhúinteoirí ó gach cearn den tír. Leagtar gach spotsholas amach go praiticiúil chun na cleachtais is fearr a chur
chun cinn.
Príomhaidhmeanna:
•
Roinnt den sárobair atá ar siúl in oideachas NTI i scoileanna na hÉireann a chur os comhair an phobail.
•
Na cleachtais is fearr a roinnt i bpobal na múinteoirí NTI
•
Múinteoirí NTI a spreagadh chun foghlaim ó chéile
•
Tacaíocht do mhodheolaíochta nuálaíocha múinte a spreagadh agus a scaipeadh.
Gníomhaíocht:
Cuireadh cúig smaoineamh éagsúla chun cinn i Spotsolas
ar Scoileanna i rith 2022:
1. Malartú smaointe ar Theorainneacha ag Meánscoil
Shliabh Chairmeil, Baile Átha Cliath
Malartú teanga idir scoláirí ó Éirinn agus cainteoirí
dúchais ón bhFrainc, agus scileanna díospóireachta
agus teanga ó bhéal in úsáid acu.
2. Malartuithe Fíorúla ag Coláiste na Toirbhearta, De La Salle, Muine
Bheag, Ceatharlach
Malartuithe fíorúla ó CTDLS Muine Bheag le scoileanna in Cuxhaven agus
Kassel, sa Ghearmáin. Bhí páirtí sa scoil mhalairte ag gach scoláire agus
rinne siad teagmháil le chéile i litreacha lámhscríofa. Chuaigh na scoláirí i
ngleic leis an teanga agus cultúr ar bhealach spraíúil, ag cur aithne ar a chéile agus ag éirí muiníneach.
3. Éagsúlú agus cuimsiú sa rang NTI ag Coláiste Merlin, Gaillimh.
Chuaigh múinteoir i gColáiste Merlin i nGaillimh, i ngleic le héagsúlú agus le cuimsiú sa rang NTI trí
ghníomhaíochtaí fiúntacha a chruthú d’fhoghlaimeoirí teanga ó chúlraí éagsúla: oidhreacht agus ab initio.
4. Tóraíocht Taisce mar Ghníomhaíocht Scoile uile Feasachta ag Coláiste Pobail na Ciseoige, Baile Átha Cliath.
Thug sé seo deis do gach scoláire sa scoil dul i ngleic le Sínis, chun a scileanna a chur chun cinn agus chun
machnamh a dhéanamh ar a gcuid scileanna trí bheith páirteach, mar eagraithe agus mar áisitheoirí imeachta.
5. Labhraímis Úcráinis ag Coláiste Chnoc an tSamhraidh, Sligeach
Cur chuige scoile uile chun foghlaim teanga agus cultúrtha a éascú. Ag an am céanna, cruthaíodh
timpeallacht fháiltiúil chuimsitheach do na scoláirí nua ón Úcráin.
14
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-