Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 16
Forbairt ghairmiúil leanúnach 9FGL) do Mhúinteoirí
i dteangacha nua agus i dteangacha tearctheagasctha
Gníomh 1.C.11
54 Múinteoir ITBÉ
Achoimre:
In 2022, chuir TIBÉ tacaíocht leanúnach ar fáil do mhúinteoirí nuatheangacha agus teangacha tearctheagasctha.
Tugadh traenáil FGL isteach arís, agus san áireamh ann bhí ceardlanna praiticiúla chun dul i ngleic níos fearr le
múinteoirí. Reáchtáladh roinnt seisiún FGL ar líne freisin chun múinteoirí ar fud na tíre a mhealladh chun a bheith
páirteach. Chumhdaigh na seisiúin seo ábhair a thugann dúshlán coitianta maidir leis na curaclaim teangacha
éagsúla a chur ar fáil.
Príomhaidhmeanna:
•
Caighdeán an tsoláthar teangacha a feabhsú agus a choinneáil
•
Tacú le tabhairt isteach na sonraíochtaí nua teanga don Ardteistiméireacht
•
Tacú le riachtanais múinteoirí maidir le FGL, comhoibriú le piaraí agus folláine
•
Múinteoirí a ullmhú chun ranganna teanga a chur ar fáil i láthair go pearsanta, ar líne agus ranganna cumaisc
Gníomhaíocht:
Tacaíocht do theangacha nua (Polainnis, Liotuáinis, Portaingéilis agus Mandairínis)
Chuir TIBÉ an chéad timthriall tacaíochta i gcrích do na teangacha nua Ardteistiméireachta in 2022.
Tá tuiscint dhomhain ar an gcuraclam nua ag múinteoirí fostaithe ag TIBÉ, agus tá modheolaíochtaí bunaithe acu
atá oiriúnach dá gcomhthéacs teagaisc.
Tacaíocht do theangacha tearctheagasctha
In 2022, lean TIBÉ ar aghaidh ag cur clár FGL ar ardchaighdeán ar fáil trí chreatlach fadbhunaithe, le ceithre chéim
tacaíochta. Rinne múinteoirí na ceithre chéim tacaíochta, san áireamh ann:
1. FGL ar theoiric agus oideolaíocht
2. Cleachtadh agus breathnú ranga
3. Machnamh agus meantóireachta
4. Dea-chleachtas a roinnt trí Spotsolas ar Scoileanna agus trí Tacaíocht do Phobail
Chleachtais do ranganna ar líne agus foghlaim chumaisc
Chun iniúchadh a dhéanamh ar mhúnlaí eile soláthar teangacha, thosaigh TIBÉ scéimeanna phíolótacha
d’fhoghlaim chumaisc agus soláthar teangacha ar líne araon. Cuirfear an chéad timthriall den scéim phíolótach i
gcrích in 2023.
Chun tacú níos fearr le múinteoirí i dteagasc agus forbairt an dá mhúnla nua, d’eagraigh TIBÉ dianseisiúin FGL
chun tacú le pleanáil curaclaim, agus FGL leanúnach agus cruinnithe don oideolaíocht agus cúnamh
teicneolaíochta, atá de dhíth ar mhúinteoirí.
16
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-