Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 18
Tacaíochtaí do Mhúinteoirí Inseirbhíse
Gníomh 1.C.1
4 comhdháil de chuid Gréasán Gairmiúil Múinteoirí (GGM/TPN)
200 múinteoir
Léargas ginearálta:
Oibríonn TIBÉ le go leor páirtithe éagsúla leasmhara chun tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí inseirbhíse
Nuatheangacha Iasachta ar fud na hÉireann. Mar aon le forbairt ghairmiúil leanúnach a ofráil, oibríonn TIBÉ i
gcomhar leis na Gréasáin Ghairmiúla Múinteoirí i Nuatheangacha Iasachta in Éirinn.
Príomhaidhmeanna:
Tacú le soláthar teangacha i scoileanna, agus iad a fheabhsú, trí dul i ngleic le múinteoirí inseirbhíse, agus trí
na tacaí agus na háiseanna atá ar fáil ó TIBÉ a scaipeadh.
Gníomhaíocht:
In 2022, dhírigh TIBÉ ar scaipeadh ár n-áiseanna, bileoga eolais a scaipeadh agus seisiúin eolais a chur ar fáil ar
bhealaí inar féidir le TIBÉ tacú le múinteoirí inseirbhíse maidir le teagasc agus foghlaim teangacha.
Rannpháirtíocht i bPobail Chleachtais, úsáid an suíomh gréasáin ‘Súil Idirchultúrtha ar Ár Scoileanna’ agus dul
i ngleic leis na háiseanna atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin – spreagadh iad seo ar fad chun a chinntiú go raibh
múinteoirí inseirbhíse ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil.
D’fhreastail ar na hócáidí seo agus rinneadh cuir i láthair:
-
Cumann na Múinteoirí Spáinnise Dé Sathairn 8 Deireadh Fómhair 2022
-
Cumann na Múinteoirí Fraincise Dé Sathairn 15 Deireadh Fómhair 2022
-
Cumann na Múinteoirí Gearmáinise Dé Sathairn 12 Samhain 2022
-
Cumann na Múinteoirí Iodáilise Dé Sathairn 26 Samhain 2022
An chéad chéim eile:
•
Lean ar aghaidh ag dul i gcomhairle leis na Gréasáin Ghairmiúla Múinteoirí chun a chinntiú gur leor na
tacaíochtaí, gur cuí iad, agus go n-úsáidtear go héifeachtúil iad
•
Lean ar aghaidh léargais a fháil ar dhúshláin nua nó leanúnach atá roimh múinteoirí inseirbhíse, agus
smaoineamh ar thacaí breise is féidir a fhorbairt
•
18
Lean ar aghaidh ag scaipeadh áiseanna agus tacaí, atá ar fáil taobh istigh den phobal teagaisc NTI
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-