Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 20
Modúl Teangeolaíocht na hIdirbhliana
Gníomh 1.C.1
1,542 scoláire páirteach
Léargas ginearálta:
I gcomhar le Oilimpiad Teangeolaíochta Uile-Éireann de
chuid ADAPT, forbraíodh modúl teangeolaíochta don
idirbhliain. Bhí 10 dtopaic sa mhodúl, ina masc
fuaimeanna, córais scríbhneoireachta, sealbhú teanga
agus aistriúchán meaisín.
Príomhaidhmeanna:
•
Blaiseadh den teangeolaíocht a thabhairt do scoláirí
dara leibhéal
•
Muinín na scoláirí a fheabhsú, scoláirí a inspreagadh chun smaoineamh ar an réimse iontach slite beatha a
bhaineann le teanga, ríomhaireacht agus teangeolaíocht
Gníomhaíocht:
D’fhorbair ADAPT na háiseanna agus ábhair tosaigh. San áireamh ann, bhí ceardlanna cruthaithe le chéile le
trí scoil. Ba í aidhm an cheachta seo ná a chinntiú go raibh na hábhair suimiúil agus oiriúnach do ghrúpaí
cumaisc mheasctha. Cuireadh aiseolais na scoláirí san ábhar agus tugadh an t-ábhar chun críche. Rinneadh
formáidiú ar na hábhair agus uaslódáladh iad go suíomh gréasáin TIBÉ.
Glacann gach topaic thart ar dhá rang nó trí cinn le cur i gcrích (ag brath ar fhad na ranganna – uair an chloig
nó 40 nóiméad).
I ngach topaic tá:
•
Buneolas ar an topaic
•
Tasc gairid tiomáinte ag scoláirí le treoir ón múinteoir
•
Naisc go ranganna teanga
•
Puzal teangeolaíochta (nó ar líne trí AILO chun torthaí a fháil láithreach)
Scaip ADAPT agus TIBÉ eolas faoin modúl ar líne idir Eanáir agus Bealtaine 2022. Bhí seisiún eolais do
mhúinteoirí ar siúl i mBealtaine. Scaipeadh tuilleadh eolais trí shuíomh gréasáin agus meáin shóisialta TIBÉ
agus ag imeachtaí amhail Comdhálacha de chuid Gréasáin Ghairmiúla Múinteoirí.
Tionchar:
•
Tacaíonn an tionscadal seo le scoláirí tuiscint níos doimhne ar theangeolaíocht a fhorbairt
•
Aithníonn scoláirí agus múinteoirí naisc shoiléire idir teangeolaíocht, feasacht teanga agus a
bhfoghlaim teanga féin, agus tá muinín breise acu ag dul i ngleic le fadhbanna teanga.
‘An-éasca le húsáid,
an-phraiticiúil do
mhúinteoirí – go leor am
ullmhúcháin sábháilte!
Baineann scoláirí
an-sult as!’
An chéad chéim eile:
20
•
Déan athbhreithniú ar an tionscadal ag deireadh na scoilbhliana 2022-23.
•
Déan plean do thuilleadh scaipeadh chun líon na scoileanna a chuireann an modúl ar fáil a mhéadú.
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-