Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 23
Ag tacú le Forbairt Chumas Náisiúnta
trí Chomhlaigh TIBÉ
Gníomh 1.C.11
15 Comhlach TIBÉ
Léargas ginearálta:
Is múinteoir cláraithe teanga dara leibhéal iad comhlaigh TIBÉ, ó gach cearn den tír, a thacaíonn le TIBÉ le cur i
bhfeidhm roinnt príomhghníomhartha i Straitéis Languages Connect.
Cuidíonn na Comhlaigh le cur chun cinn teangacha ina gceantar chun tionchar TIBÉ a leathnú.
Éascaíonn Comhlaigh TIBÉ Pobail Chleachtais NTI, tugann siad traenáil do chúntóirí teanga ag leibhéal grúpa
agus aonair, déanann siad meantóireacht do mhúinteoirí teangacha nua, agus freastalaíonn siad ar imeachtaí a
eagraíonn TIBÉ.
Faigheann na Comhlaigh tacaíocht agus FGL ionas gur féidir leo a bheith breá ábalta tacú le riachtanais
múinteoirí.
Príomhaidhmeanna:
•
Uasoiltear Comhlaigh TIBÉ chun tacú le cur i gcrích a gcuid oibre agus chun tacú le múinteoirí NTI ina
gceantracha.
•
Tacaíonn Comhlaigh TIBÉ le hobair TIBÉ agus tá sé mar aidhm acu a bheith ina gceannairí maidir le deachleachtas, trína gcuid eolais agus eispéireas a roinnt ag comhdhálacha Pobail Cleachtais, agus ag
comhdhálacha Líonraí Múinteoirí Gairmiúla.
•
Tá dlúthcheangal idir Comhlaigh TIBÉ agus foireann láir TIBÉ chun aiseolas a thabhairt ón seomra ranga
agus chun comhairle a thabhairt maidir leis an mbealach is fearr nascadh le scoileanna.
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
23