Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 24
Gníomhaíocht:
I mbliana, uasoileadh baill nua den fhoireann chomhlach i meantóireacht múinteoir i dteangacha atá ar an
gcuraclaim den chéad uair. Ofráileadh uasoiliúint i nDearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF/UDL), agus chuaigh
roinnt comhlach i ngleic le foghlaim ar líne i réimsí Foghlaim Chumaisc agus Foghlaim Chomhtháite Ábhair
agus Teanga.
D’éascaigh gach comhlach Pobail Chleachtais ina gceantair agus chuir traenáil ar fáil do chúntóirí teangacha
iasachta agus Múinteoirí Comhoibrithe.
Tá roinnt comhlach anois ina gceannairí i réimsí éagsúla d’obair TIBÉ agus chuir siad obair spriocdhírithe ar
fáil ar Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teangacha, #ThinkLangauges agus Foghlaim Chumaisc.
Tionchar:
Cuireann obair na gcomhlach TIBÉ le hobair TIBÉ agus forbraíonn sé naisc le múinteoirí NTI ar fud na tíre.
An chéad chéim eile:
•
Leanfar le forbairt na foirne comhlach agus leathnófar é chun tacú le cur i bhfeidhm leanúnach na
straitéise.
•
Leanfar le forbairt seaimpíní ar thionscadail comhlaigh chun cuidiú le daoine a chur ar an eolas agus le
huasoiliúint i réimse an tionscadail, ar nós tionscadail Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna (ILAOS) ar ábhar
spriocdhírithe é don bhliain 2023.
24
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-