Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 26
Scéim do Mhúinteoirí Spáinnise ar cuairt
Chuir 12 iar-bhunscoil isteach air
Gníomh 1.D.1
Tugadh áit do 3 mhúinteoirí
Léargas ginearálta:
Is fiontar idir an Roinn Oideachais in Éirinn agus an Aireacht Oideachais agus Cultúir sa Spáinn í Scéim do
Mhúinteoir Spáinnise ar cuairt. Tá rath ar an gclár seo i ndlínsí éagsúla le blianta fada anois agus is í an bhliain
2022-23 an dara bliain don chlár in Éirinn.
Príomhaidhmeanna:
•
Tabhair aghaidh ar easpa múinteoirí cáilithe Spáinnise in Éirinn
•
Tacaigh leis an gcuraclaim i scoileanna in Éirinn trí fholúntais do mhúinteoirí Spáinnise a líonadh le oidí
ardcháilithe Spáinneacha
•
Tabhair deis do scoláirí in iar-bhunscoileanna in Éirinn bualadh le daoine ó chultúir eile, cumarsáid a
dhéanamh leo, iad a thuiscint agus meas a léiriú orthu.
•
Tacaigh le scoileanna agus iad ag forbairt caidreamh agus mhalartuithe le scoileanna na múinteoirí
Spáinnise ar cuairt
Gníomhaíocht:
D’oibrigh TIBÉ i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Consejería de Educación agus iad ag roghnú
múinteoirí agus scoileanna. Chuir scoileanna agallaimh ar iarrthóirí ón ngearrliosta, agus cheap siad an
iarrthóir is fearr a mheaitseáil a gcritéir roghnaithe. Thug TIBÉ clár ionduchtaithe do na múinteoirí agus
thacaigh siad leo leis an bpáipéarachas riachtanach. Anuas air sin, tacaíonn TIBÉ le múinteoirí ar cuairt i rith na
scoilbhliana ina gcuid scoileanna óstacha.
Fágann an ghéarchéim lóistín reatha go raibh sé an-dúshlánach áit chónaithe a aimsiú, rud a raibh tionchar
aige ar rath na scéime in 2022.
Tionchar:
Tá an t-aiseolas ó scoileanna an-dearfach agus táimid ag súil go leanfaidh suim sa chlár.
An chéad chéim eile
•
Leanfaimid le píolótú an chláir don scoilbhliain 2023-24.
•
Rachaimid ar cuairt chuig scoileanna chun tuairimí na foirne bainistíochta scoile, agus tuairimí múinteoirí
atá rannpháirteach sa chlár, a bhailiú.
26
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-