Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 29
FCÁT – Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teangacha
30 múinteoir uasoilte
72 áis
Gníomh 1.E.3
Breis agus 600 scoláire páirteach
Léargas ginearálta:
Is cur chuige oideachasúil é FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teangacha) ina ndírítear ar dhá phointe –
úsáidtear teanga bhreise chun ábhar agus teanga a mhúineadh.
Tá sé mar aidhm ag tionscadal píolótach TIBÉ, forbairt a dhéanamh ar sholáthar agus cleachtas FCÁT i ranganna
NTI in Éirinn, mar aon le feachtas feasachta.
Dearadh FGL agus cuirtear ar fáil é do mhúinteoirí inseirbhíse, agus cuireann sé ar fáil modúl réamhdhéanta FCÁT
ar Thrádáil Chothrom, le naisc thraschuraclaim chuig Tíreolaíocht agus Mata, i bhFraincis, Spáinnis, Gearmáinis
agus Iodáilis. I measc na háiseanna FCÁT forbartha, tá Cáipéis Tacaíochta Múinteoirí, Bileoga Oibre do Scoláirí
agus cuir i láthair PowerPoint, ar féidir le múinteoirí NTI iad a chur i láthair gan saineolas ar an ábhar, mar gheall
ar na tacaí céim ar chéim.
Príomhaidhmeanna:
•
Iniúchadh a dhéanamh ar chumas FCÁT, agus é mar aidhm é a leathnú i iar-bhunscoileanna
•
Múinteoirí inseirbhíse a chur ar an eolas faoi FCÁT, agus cuir áiseanna FCÁT ar fáil dóibh mar aon le FGL ar
theoiric FCÁT.
•
Tabhair uasoiliúint o mhúinteoirí ar fhorbairt áiseanna FCÁT.
•
Cruthaigh mion-líonraí de lucht FCÁT in Éirinn, ar féidir leo nascadh le chéile agus áiseanna FCÁT a roinnt.
•
Tá an tionscadal ag iarraidh múnla inmharthanach FGL a chruthú, ar féidir é a fhorbairt agus a leathnú trí dhul
i ngleic agus comhoibriú le saineolaithe FCÁT.
Gníomhaíocht:
Earcaíodh múinteoirí NTI inseirbhíse chun páirt a ghlacadh sa dara cuid de thimthriall 1 den FGL maidir le FCÁT.
Mar go raibh ró-éileamh air, úsáid critéir faoi leith chun 18 rannpháirtí a roghnú chun páirt a ghlacadh i seisiúin
aghaidh ar aghaidh agus ar líne. I rith na seisiún aghaidh ar aghaidh, ghlac múinteoirí páirt i ngrúpaí fócais chun
cuidiú le taighde leis an Dr. Céline Healy (Ollscoil Mhá Nuad), chuaigh siad i ngleic le teoiric FCÁT, agus tugadh
traenáil dóibh ar áiseanna FCÁT ó TIBÉ a chur i bhfeidhm sa rang. Tugadh ábhair do na múinteoirí ar fad ina nábhar sprioctheanga agus tugadh tuilleadh ábhar dóibh (seit léarscáileanna, phóstaeir agus araile) chun cur leis
na naisc thraschuraclaim le hábhar FCÁT.
Tugadh cuireadh do rannpháirtithe ón gcuid dheireanach le FGL ar FCÁT, leanúint ar aghaidh leis an tionscadal i
dTimthriall 2, a dhírigh ar phleanáil ranga FCÁT agus ar thógáil ar áiseanna. Agus iad ag obair le TIBÉ agus Kevin
Schuck (Comhardaitheoir ar FCÁT ECML agus ar thraenáil agus ar fhoireann chomhairleach ‘Beyond
Pluriliteracies’), thóg na rannpháirtithe teimpléid le chéile, ag tacú lena gcleachtas reatha ceachtanna bunaithe ar
FCÁT a dhearadh. D'oibrigh rannpháirtithe ina n-aonar agus i ngrúpaí chun a gcuid áiseanna féin a chruthú.
Mar aon leis an FGL, forbraíodh bileoga eolais d’Fhoirne Bainistíochta Sinsir le scaipeadh ag comhdhálacha FBS.
Cuireadh feabhas ar leathanach gréasáin FCÁT de chuid TIBÉ, chun áiseanna FCÁT agus eolas faoin tionscadal
píolótach a stóráil air.
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
29