Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 32
Sprioc 1: Ag dul chun cinn
Is gá iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht na cláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí a
leathnú chun soláthar Spáinnise agus soláthar na teangacha tearctheagasctha agus
teangacha nua curaclaim a mhéadú. Mar aon leis sin, i gcomhthéacs géarchéim soláthar na
múinteoirí, bheadh sé úsáideach iniúchadh a dhéanamh ar sholáthar rochtain ar chláir
oideachas múinteoirí do chainteoirí dúchais na dteangacha curaclaim.
Tá rannpháirtíocht mhaith múinteoirí i bPobail Chleachtais, ach tá gá ag líonraí múinteoirí
NTI le daingniú agus is gá go mbeadh níos mó múinteoirí páirteach in gach réigiún. Amach
anseo, is gá do chomhoibriú le páirtithe leasmhara béim a chur ar thábhacht agus ar luach
na líonraí áitiúla do’fhorbairt ghairmiúil mhúinteoirí. Is gá iniúchadh a dhéanamh ar chóras
chun a chinntiú go n-éiríonn na líonraí seo ábalta leanúint ar aghaidh gan chuidiú ón
taobh amuigh.
Ba chóir scoileanna a spreagadh chun a bheith rannpháirteach i malartuithe scoile, ach is
gá bealaí eile a chruthú chun scoileanna agus múinteoirí a spreagadh chun a bheith
páirteach i malartuithe scoile. Sa chomhthéacs seo, b’fhiú iniúchadh a dhéanamh ar an
bhféidearthacht staidéar thar lear a aithint mar chuid den Ardteistiméireacht leasaithe.
B’fhiú freisin féachaint ar bhealaí chun baic a shárú amhail éagsúlachtaí i gcórais agus i
bpróisis in Éirinn i gcomparáid le dlínsí eile, m.sh. maidir le grinnfhiosrúchán an Gharda
Síochána.
Is gá ar tosú ar chóras chun FCÁT a thabhairt isteach i mblianta níos luaithe, agus
smaoineamh faoi é a chuimsiú le tabhairt isteach teangacha iasachta sa churaclam
bhunscoile.
Is gá leanúint le comhoibriú le páirtithe leasmhara, agus é a mhéadú, chun dea-chleachtas
a roinnt agus a scaipeadh. Deis iontach a bheadh sa chéad Chruinniú Mullaigh i mí
Dheireadh Fómhair 2023 chun obair chríochnaithe a chur os comhair an phobail agus chun
tuiscint a fháil ar fhorbairtí eile a mbeadh gá leo amach anseo.
32
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-