Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 34
Tá sé mar aidhm ag Sprioc 2 éagsúlú a
dhéanamh ar na teangacha a fhoghlaimítear, iad
a mhéadú, agus teangacha na nua-Éireannach a
chur chun cinn. Tá sé seo á thabhairt isteach trí
úsáid a bhaint as múinteoirí cuartaíochta;
soláthar teangacha nua agus teangacha
tearctheagasctha, agus múnlaí éagsúla
seachadta á bpíolótú, amhail ranganna roinnte
i measc scoileanna, foghlaim chumaisc,
gearrchúrsaí, ranganna idirbhliana agus
Ardteistiméireachta, agus scoileanna a
spreagadh na teangacha a ofrálann siad a
éagsúlú trí scéim bhreise leithdháilte.
Cuirtear creatlach cuimsitheach FGL
agus tacaíochta ar fáil do mhúinteoirí
chun cuidiú leis seo.
34