Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 37
Scéim Mhaoinithe na Comhairle Múinteoireachta maidir
Gníomh 2.A.3
le hEasnamh sna Critéir Chlárúcháin
15 iarratas
4 8 faofa
Léargas ginearálta:
Tá creidiúintí ag roinnt múinteoirí i sprioctheanga, ach de bharr easnamh sna critéir riachtanacha don chlárú,
ní féidir leo clárú don sprioctheanga sin leis an gComhairle Múinteoireachta. Tá sé mar aidhm ag Scéim
Mhaoinithe na Comhairle Múinteoireachta maidir le heasnamh sna critéir chlárúcháin, aghaidh a thabhairt ar
an easnamh sin.
Príomhaidhmeanna:
•
Múinteoir, atá beagnach ábalta clárú leis an gComhairle Múinteoireachta, a thabhairt go pointe ina
gcomhlíonann siad na critéir chlárúcháin.
•
Líon na múinteoirí cáilithe teanga atá ar fáil a mhéadú
Gníomhaíocht:
Tugann TIBÉ maoiniú do chúrsaí chun cur ar chumas múinteoirí suas go 15 chreidiúint a fháil chun easnamh
a dhéanamh suas, agus chun clárú mar mhúinteoir teanga leis an gComhairle Múinteoireachta. Tagann an
maoiniú i bhfoirm aisíocaíochta, chomh luath agus atá clárú don Chomhairle Múinteoireachta bainte amach
don sprioctheanga. Tá an scéim oscailte d’iarratais i gcónaí. Tugann TIBÉ comhairle agus cuireann siad
tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí incháilithe chun cuidiú leo cúrsaí a aithint agus a roghnú.
Tionchar:
•
Tá clárúchán bainte amach ag beirt mhúinteoirí ó d’oscail an scéim in 2021. Méadaíonn sé seo ar líon na
múinteoirí atá ar fáil, agus cumas teagaisc sa chóras agus múinteoirí ag clárú.
•
Bhí an t-aiseolas ó mhúinteoirí dearfach, go háirithe i measc múinteoirí a dúirt go bhfuil muinín acu anois.
An chéad chéim eile:
Lean leis an scéim in 2023.
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
37