Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 38
Leithdháileadh Breise do Scoileanna chun tacú le
héagsúlú i Soláthar Teangacha Iasachta
12 scoil
Gníomh 2.A.4
2.A.6
2.C.1
40 classes of students in total
Léargas ginearálta:
San áireamh sa chreatlach seo tá leithdháileadh d’uaireanta breise d’iar-bhunscoileanna a thugann isteach
teangacha tearctheagasctha agus teangacha nua iasachta. Don scoilbhliain 2022/23, san áireamh sa
leithdháileadh breise tá teangacha curaclaim na hArdteistiméireachta: Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis agus
Portaingéilis. San áireamh ann chomh maith tá uaireanta don Iodáilis, Seapáinis agus Rúisis – teangacha nua
agus teangacha tearctheagasctha a bhfuil múinteoirí cáilithe cláraithe ar fáil dóibh.
Príomhaidhmeanna:
•
Líon na scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar theangacha iasachta ar scoil a mhéadú, agus raon na
dteangacha a múintear san iar-bhunscoil a éagsúlú
•
Scoileanna a chumasú úinéireacht a ghlacadh ar ábhair nua teangacha, rud a chothaíonn forbairt ar
inbhuanaitheacht fadtéarma.
Gníomhaíocht:
In 2022, tugadh uaireanta breise do 12 scoil do mhúinteoirí teangacha nua agus do mhúinteoirí teangacha
tearctheagasctha. San áireamh ann bhí cúig scoil don Iodáilis, 4 cinn do Sheapáinis, agus scoil amháin i ngach
cás do Pholainnis, Rúisis agus Sínis.
Bhí iomlán de 40 rang scoláirí páirteach ar fud na tíre.
I rith na scoilbhliana, thug Oifigigh Oideachais TIBÉ cuairt ar na scoileanna ar fad. Phléigh príomhoidí agus
múinteoirí a gcuid riachtanas agus pleananna maidir le inbhuanaitheacht a thógáil agus úinéireacht iomlán a
ghlacadh ar sholáthar.
Tionchar:
•
D’fhostaigh dhá scoil nua múinteoir do cheann amháin de na teangacha seo den chéad uair: Iodáilis i scoil
amháin agus Sínis sa cheann eile.
•
I scoileanna a bhí ag baint leasa cheana as leithdháileadh breise, leathnaíodh an tairiscint do bhreis
ranganna agus bliainghrúpaí.
An chéad chéim eile:
38
•
Cuir na deiseanna a luaitear i gCiorclán 0006/2020 chun cinn arís
•
Lean le tacaíocht spriocdhírithe do scoileanna
•
Éascaigh leithdháileadh breise do bhreis scoileanna sa chéad scoilbhliain eile.
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-