Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 4
Brollach
Fáiltím roimh an tuairisc bhliantúil de chuid Teangacha iar-bhunscoile Éireann, i gcomhthéacs an ról leanúnach
atá acu i gcur i bhfeidhm príomhghníomhartha Languages Connect – Straitéis do Theangacha Iasachta san
Oideachas in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an straitéis tacú le foghlaim fheabhsaithe teangacha iasachta i gcóras
oideachais na hÉireann agus cur leis na buntáistí do dhaoine aonair, don phobal agus don gheilleagar a
bhaineann le méadú ar éagsúlacht an tsoláthair
Tá TIBÉ ag tacú linn le cur i bhfeidhm ‘Cuir fáilte roimh theangacha’ an modúl samplach do bhunscoileanna. Tá
áthas orm go bhféadfadh muid an dara bliain den chur i bhfeidhm a mhaoiniú don scoilbhliain 2022-23, le
rannpháirtíocht méadaithe ó 500 go 700 scoil agus ó 33,000 go 50,000 scoláire, modúl leathnaithe go hocht
seachtaine ó sé seachtain, agus méadú go 15 in éagsúlacht na dteangacha atá ar fáil do scoláirí – an Úcráinis
ina measc. Táimid ag féachaint anois ar bhliain eile den chur i bhfeidhm. Roghnaigh aon scoil déag sa scoilbhliain
reatha Úcráinis mar theanga an mhodúil, agus tugann sé seo deis iontach dár scoláirí ón Úcráin a bheith
páirteach, agus luach agus meas a mhothú óna gcairde sa rang agus iad ag foghlaim na hÚcráinise. Léiríonn
éagsúlacht na dteangacha atá á dteagasc sa mhodúl, ilchultúr agus ilteangachas an phobail ina gcónaímid.
Cuireann an modúl scoláirí ar an eolas faoi éagsúlacht na dteangacha a úsáideann a gcuid piaraí sna scoileanna
agus sa phobal.
Tá mo roinn tar éis oibriú go dian chun líon na gcúntóirí teangacha iasachta (CTI/FLA) a mhéadú inár scoileanna,
mar chuid den straitéis teangacha iasachta. Tá áthas orm leis an tacaíocht atá tugtha ag TIBÉ dúinn sa
chomhthéacs seo, trí thacaíocht a thabhairt i bhfoirm ionduchtaithe, traenáil chun comhoibriú idir na CTIanna
agus a gcuid múinteoirí comhoibrithe, agus treoir agus tacaíocht leanúnach do na CTI/FLA i gcóras
meantóireachta atá curtha i bhfeidhm acu.
4
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-