Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 41
Cóiréis
408 Scoláire
Gníomh 2.A.4
2.A.6
2.C.1
7 scoil
Léargas ginearálta
Is modúil é Cóiréis, a bhfuil tóir air san idirbhliain, atá ar fáil i
seacht scoil i mBaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin. Tacaíonn TIBÉ
le múinteoirí Cóiréise le FGL, traenáil agus seisiúin
meantóireachta. Oibríonn TIBÉ freisin le hambasáid na Cóiré
chun Cóiréis agus oideachas cultúir a chur chun cinn in iarbhunscoileanna agus i gcéin.
Príomhaidhmeanna:
•
Tabhair rochtain d’iar-bhunscoileanna ar mhodúl Cóiréise na
hidirbhliana
•
Tabhair deis do scoláirí foghlaim faoin gCóiréis agus faoi chultúr
na Cóiré i dtimpeallacht na sprioctheanga agus thart orthu féin
•
Cuir lucht na scoile agus an phobail áitiúil ar an eolas faoin gCóiréis agus faoi chultúr na Cóiré
Gníomhaíocht:
In 2022, thug múinteoir Cóiréise ó TIBÉ roinnt ceardlann faoi
fhaisean traidisúnta agus nua-aimseartha na Cóiré (m.sh.
Hanbok agus éadaigh nua-aimseartha), callagrafaíocht agus
saothar ealaíne (m.sh. masc don damhsa traidisiúnta, Hanbok
páipéir agus lóchrann), cultúr bia (m.sh. cuisine agus
déanamh na Cóiré) agus aoichainteoirí (m.sh. ambasadóir na
Cóiré, iarshaighdiúir ó Chogadh na Cóiré) leis an modúl
idirbhliana faoin gCóiré a shaibhriú.
Tionchar:
Student comments:
•
‘An rud ba mhó ar chuir mé suim ann ná foghlaim faoin
gCóiréis agus mar a scríobhtar é’
•
‘An modúl is fearr agus bhí foghlaim Hangeul (aibítir na
Cóiréise) mar aon le stair chultúrtha an-suimiúil.’
An chéad chéim eile:
•
Lean le modúil Chóiréise don idirbhliain in 2023
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
41