Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 42
Rómáinis
Maoiniú tugtha do 2 scoil
Gníomh 2.A.4
115 scoláire
1 Rang ar an Satharn
múinteoir amháin
Léargas ginearálta:
Tacaíonn TIBÉ le ranganna Rómáinise chun cur leis an soláthar i scoileanna agus chun scoláirí a spreagadh a
máthairtheanga a choinneáil
Príomhaidhmeanna:
•
Tacú le soláthar na ranganna Rómáinise in iar-bhunscoileanna, áit a bhfuil líon suntasach scoláirí ón
Rómáin.
•
Rochtain níos leithne ar Rómáinis a sholáthar trí sholáthar ranganna ar an Satharn do Rómáinis na
hArdteistiméireachta
Gníomhaíocht:
Tugadh maoiniú do dhá iar-bhunscoil, ag ligean dóibh ábhair a fháil agus ranganna Rómáinise do 68 scoláirí
sinsir. Thug na ranganna seo tacaíocht do scoláirí a bhí ag ullmhú don scrúdú Rómáinise ag leibhéal na
hArdteistiméireachta, nach bhfuil ar an gcuraclam. D’fhreastail breis agus 47 scoláire ar na ranganna ar an
Satharn a d’eagraigh TIBÉ i mBaile Átha Cliath do Rómáinis na hArdteistiméireacht.
Tionchar:
•
Spreagann ranganna Rómáinise ar scoil scoláirí chun a dteanga bhaile a choinneáil agus chun an scrúdú
Ardteistiméireachta Rómáinise a dhéanamh, Cé gur ábhar nach bhfuil sa churaclam í Rómáinis, tagann
ardú ar líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar ranganna Sathairn sa Rómáinis gach bliain.
•
Tháinig méadú 40% ar líon na scoláirí a rinne an scrúdú Rómáinise ag leibhéal na hArdteistiméireachta – ó
237 in 2020 go 337 in 2022.
•
Tá tuiscint níos doimhne faighte ag scoláirí ar a gcultúir agus traidisiúin dúchais tríd an bhfeabhas a
tháinig ar a gcuid scileanna Rómáinise.
An chéad chéim eile:
42
•
Lean den mhaoiniú reatha chun tacú le scoileanna in 20233
•
Déan iniúchadh ar líon na ranganna Rómáinise ar an Satharn a mhéadú, mar gheall ar éileamh
•
Smaoinigh ar ranganna Rómáinise a chur ar fáil ar líne, i gcomhar le hambasáid na Rómáine.
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-