Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 43
Seisiúin eolas ar Theangacha Nua Curaclaim
do Thuismitheoirí agus Scoláirí
6 sheisiún ar líne
Gníomh 2.A.6
263 rannpháirtí
Léargas ginearálta:
Cuireadh ceithre theanga nua – Polainnise, Portaingéilis, Liotuáinis agus Mandairínis – le curaclam na
hArdteistiméireachta in 2020, agus rinne an chéad ghrúpa scoláirí an scrúdú Ardteistiméireachta in 2022. Chun
cumarsáid níos fearr a dhéanamh le scoláirí agus a dtuismitheoirí, agus chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh,
d’eagraigh TIBÉ seisiúin rialta eolais chun na sonraíochtaí teangacha nua a thabhairt isteach, agus rinne siad
pleananna chun áiseanna a fhorbairt don phobal tuismitheoirí chun a dteanga bhaile a chothú.
Príomhaidhmeanna:
•
Cuir tuismitheoirí agus scoláirí ar an eolas faoin eolas agus tacaíocht a chuireann TIBÉ, agus áisíneachtaí
éagsúla, ar fáil
•
Tacaigh le tuismitheoirí scoláirí reatha agus féideartha sna teangacha nua curaclaim
•
Cuir páirtithe leasmhara ar an eolas faoin bpríomheolas agus faoi na forbairtí sna sonraíochtaí nua, agus dul i
ngleic leo
•
Forbairt áiseanna chun na teangacha curaclaim a chothú i suíomh baile.
Gníomhaíocht:
In 2022, d’eagraigh TIBÉ sé sheisiún eolais ar líne do thuismitheoirí agus scoláirí sna teangacha curaclaim nua.
Chuir na seisiúin tuismitheoirí agus scoláirí ar an eolas faoi na seirbhísí cuí tacaíochta, míníodh an tsonraíocht
churaclaim agus cáipéisí tacúla, cuireadh eolas ar an scrúdú stáit ar fáil agus moladh bealaí chun staidéar a
dhéanamh ar an ábhar ar scoil agus sa bhaile.
Chuaigh TIBÉ i ngleic leis an bpobal áitiúil, na meáin shóisialta agus ambasáidí cuí chun a chinntiú go raibh
tuismitheoirí agus scoláirí cuí ar an eolas faoi na seisiúin eolais..
Chuir TIBÉ le chéile liostaí ceisteanna coitianta do na ceithre theanga (ar fáil ar languagesconnect.ie) chun tacú le
tuismitheoirí nár fhreastail ar na seisiúin eolais agus chun pobal níos leithne a chur ar an eolas.
Trí na seisiúin eolais, rinne TIBÉ taighde chun fáil amach faoi riachtanais tuismitheoirí. D’fhorbair siad sraith mataí
teanga chun cuidiú le tuismitheoirí a dteanga dhúchais a choinneáil nó a fhorbairt tuilleadh lena bpáistí sa
bhaile.
Tionchar:
•
Chuir tacaíocht thráthúil ar fáil do thuismitheoirí scoláirí sinsir, agus thug léargais luachmhara chun scoláirí
níos óige a chumasú pleanáil don am amach anseo.
•
Chuir páirtithe leasmhara ar an eolas faoin gcomhthéacs, seachadadh agus scrúdú na teangacha nua
Ardteistiméireachta
•
Comhoibriú méadaithe idir TIBÉ, ambasáidí agus pobail
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
43