Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 46
D'oibrigh TIBÉ le hiar-bhunscoileanna, institiúidí cultúrtha agus staidéir na hÁise in ardoideachas chun an
chumarsáid agus an comhoibriú a mhéadú idir an dara agus tríú leibhéal. Le bliain anuas, d’eagraigh TIBÉ
Pobal Cleachtais dírithe ar theanga faoi leith do mhúinteoirí i scoileanna poiblí agus comhlántacha
(scoileanna Sathairn, mar shampla) Tugadh cuireadh do TIBÉ cainteanna agus cuir i láthair ar Shínis agus ar
staidéar ar theangacha iasachta, straitéisí cuí teanga agus oideachas, oideolaíocht agus teicneolaíocht in
oideachas teanga, é sin ar fad do scoláirí i scoileanna, do mhúinteoirí in institiúidí cultúrtha agus d’ábhair oidí
in ollscoileanna in Éirinn.
Tionchar:
•
Bhain 1890 scoláire buntáiste as na cláir éagsúla Sínise a chuir TIBÉ ar fáil
•
D’aistrigh múinteoir amháin ón múnla cuartaíochta go fostaíocht lánaimseartha is coil tríd an scéim
leithdháilte breise
•
Cumarsáid leanúnach pobal le múinteoirí agus oideachasóirí Sínise ag gach leibhéal in Éirinn
•
Cúig sheisiún traenála curtha ar fáil i dtrí institiúid adoideachais.
An chéad chéim eile:
•
Déan athbhreithniú ar an scéim phíolótach den chúrsa Sínise ar líne ar an Satharn, sula dtosaíonn an
chéad téarma oifigiúil agus tuilleadh teangacha a rolladh amach.
•
Lean leis an gcomhoibriú ar bhunú Oideachas Tosaigh Múinteoirí do mhúinteoirí Sínise iar-bhunscoile in
Éirinn
•
Tarraing aird ar an modúl samplach teanga bhunscoile agus cuir feabhas ar rannpháirtíocht mhúinteoirí
Sínise
•
Lean leis an tacaíocht do thuismitheoirí agus foghlaimeoirí oidhreachta agus méadaigh an tacaíocht do
thuismitheoirí d’fhoghlaimeoirí Sínise nach teanga oidhreachta dóibh í.
46
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-