Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 47
Chinese in Leaving Certificate
Gníomh 2.A.6
Rinne 110 scoláire TIBÉ an chéad scrúdú Mandairínise san Ardteistiméireacht in 2022
Léargas ginearálta:
Ba é scrúdú Ardteistiméireachta 2022 a chuir deireadh leis an gcéad thimthriall den Mhandairínis mar cheann
de na ceithre theanga nua a tugadh isteach in 2020.
Thug múinteoirí TIBÉ 19 scoláire ó scoileanna agus 91 eile ó na ranganna Sathairn chun an scrúdú Sínise a
dhéanamh san Ardteistiméireacht den chéad uair.
Príomhaidhmeanna:
•
Tacú le bunú an churaclaim Sínise don Ardteistiméireacht i scoileanna, agus lena fhorbairt.
•
Rochtain ar Shínise a mhéadú, mar aon lena roghnú sa tSraith Shinsearach
Gníomhaíocht:
Tá grúpa beag scoileanna ag cur cúrsaí Ardteistiméireachta Sínise ar fáil, an chuid is mó den am tógtar na
cúrsaí seo ar eispéiris dhearfacha de na cláir sóisir agus idirbhliana Sinise a bhunú go héifeachtacht.
Agus timthriall chóras tacaíochta dhá bhliain déanta, rinne na múinteoirí TIBÉ Sínise an-dul chun cinn, tá
saineolas faighte acu i dteagasc, foghlaim agus measúnú maidir le soláthar Shínis na hArdteistiméireachta.
De réir a chéile, forbraíodh an curaclam, a chuir múinteoirí TIBÉ ar fáil, chun sonraíocht an churaclaim agus a
thuilleadh a léiriú. Le bliain anuas, chonacthas breis teagmhála le pobail i gcláir Ardteistiméireachta i
scoileanna, chun deiseanna praiticiúla, fiúntacha a thabhairt do scoláirí chun an teanga a shealbhú agus a
úsáid.
Chun tacú le scoláirí nach bhfuil rochtain acu ar an gcuraclam ina scoileanna féin, chuir TIBÉ ranganna ar fáil
ar an Satharn i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, agus críochnóidh scéim phíolótach na ranganna ar líne ar
an Satharn in earrach 2023.
Tionchar:
•
Rinne 110 scoláire, ar mhúin múinteoir TIBÉ iad, Sínis na hArdteistiméireachta. Is iad seo thart ar 40% de na
iarrthóirí scrúdaithe don tSínis Ardteistiméireachta, bunaithe ar staitisticí Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
•
Fuair na scoláirí torthaí iontacha mar aon le dearcadh athraithe mar gheall ar an teanga agus an curaclam
– shíl móramh de na scoláirí nach raibh an rang chomh scanrúil agus go raibh sé níos taitneamhaí ná mar
a shamhlaigh siad roimh thus an ranga.
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
47