Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 5
Tá TIBÉ/PPLI fós ag cur gníomhaíochtaí agus áiseanna ar fáil a thacaíonn le cur i bhfeidhm oideachas ar
ardchaighdeán, rud a shásaíonn riachtanais éagsúlacht scoláirí le cúlraí éagsúla teanga, agus a fheabhsaíonn
múineadh agus foghlaim teangacha iasachta go ginearálta i scoileanna. Tháinig méadú ar líon na scoláirí
idirbhliana a ghlac páirt in #ThinkLanguages i mbliana – go 15,000 – agus tá ceiliúradh náisiúnta seo na
dteangacha suite go buan ar fhéilire scoile imeachtaí. Tá múinteoirí á dtraenáil go fóill i modheolaíochtaí nua i
gcomhthéacs foghlaim chumais, foghlaim ar líne agus FCÁT, mar aon le FGL dírithe ar theangacha. Tá sé seo ar
fad ag cur le forbairt cumas luachmhar inár gcóras.
Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil arís as gach a dhéanann TIBÉ/PPLI chun foghlaim teangacha a chur
chun cinn in Éirinn, agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ar TIBÉ/PPLI don bhliain atá romhainn.
Norma Foley, T.D.
Aire Oideachais
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
5