Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 50
Sínis san Idirbhliain
1,487 scoláire
Gníomh 2.A.6
24 scoil
Léargas ginearálta:
In 2022, thug TIBÉ tacaíocht do 35 modúl Sínise san idirbhliain trí mhúinteoirí cuartaíochta a leithdháileadh ar
24 scoil. Chuidigh an tacaíocht le 1,487 scoláire rochtain a fháil ar theanga agus cultúr éagsúil. Cuireadh an
chéad chéim ar fáil do roinnt chun leanúint le hoideachas Sínise agus cultúr na Síne don Ardteistiméireacht
agus ina dhiaidh.
Príomhaidhmeanna:
•
Deis a thabhairt do scoileanna Sínis a thabhairt isteach
•
Múinteoirí nua Sínise a imeascadh sa chóras scoileanna
•
Feabhas a chur ar chaighdeán an churaclaim Sínise san idirbhliain i scoileanna
•
Líon na scoláirí a roghnaíonn Sínis don Ardteistiméireacht a mhéadú
Gníomhaíocht:
Dhírigh an modúl Sínise san idirbhliain, a sholáthair múinteoirí TIBÉ, ar gach gné d’fhoghlaim teanga,
múineadh an chultúir tríd an teanga mar aon le aird a tharraingt ar fheasacht scoláirí ar ilteangachas agus
ilchultúr.
D’oibrigh TIBÉ le scoileanna chun a gcuid riachtanas éagsúla a aithint agus chun réimse modúl a sholáthar.
Mhairfeadh na modúil Sínise seo ar feadh bliana, ar bhonn sealaíochta chun:
•
Leanúint le cúrsa iomlán nó le gearrchúrsa na Sraithe Sóisearaí
•
Tús a chur le cúrsa Ardteistiméireachta
•
Sínis a thabhairt isteach den chéad uair mar theanga nua ar an gcuraclam
•
Soláthar teangacha a leathnú i scoileanna
•
Breis scoláirí oidhreachta a thabhairt isteach
Tionchar:
50
•
D’fhoghlaim1,487 scoláire faoi chultúr na Síne agus faoin tSínis.
•
Aiseolas dearfach ó scoileanna agus í scoláirí
•
Aird a tharraingt ar Shínis agus ar chultúr na Síne i bpobal na scoile agus níos faide i gcéin
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-