Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 6
Réamhrá do TIBÉ/PPLI
Is aonad é Teangacha Iar-Bhunscoile Éireann (TIBÉ/PPLI) atá tiomnaithe do chur chun cinn saineolais agus
tacaíocht d’oideachas teangacha iasachta in Éirinn. Bunaíodh TIBÉ ar dtús i Meán Fómhair 2000 le cúram
múineadh teangacha i scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann a éagsúlú, a fheabhsú agus a leathnú. Tá sé
seo amhlaidh go fóill le béim ar na deiseanna, atá ar fáil do scoláirí teangacha iasachta a fhoghlaim, a fheabhsú
agus a leathnú. Is teangacha iad a bhaineann le todhchaí cultúrtha, sóisialta agus airgeadais na hÉireann. Is é
TIBÉ/PPLI an t-aon eagraíocht atá tiomnaithe do thacú le teangacha iasachta in Éirinn, agus aithnítear a ról
tábhachtach in Languages Connect – Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017-26, arbh é
an comhthéacs do ghníomhaíochtaí TIBÉ/PPLI. Díríonn siad seo ar chur i bhfeidhm príomhghníomhartha na
straitéise seo. Tá an fhoireann ag leathnú go fóill in 2022, agus tá 17 mball sa chroífhoireann. I measc na mball
foirne, tá comhairleoir Seapáinise agus beirt intéirneach. Anuas air sin, fostaíonn TIBÉ 6 Oifigeach Forbartha don
tSínis, 19 don tSeapáinis, 1 don Chóiréis, 2 don Liotuáinis, 15 don Pholainnis, 3 don Phortaingéilis, 1 don Rómáinis
agus 7 don Rúisis.
Tá ról níos leithne freisin do TIBÉ/PPLI i gcur i bhfeidhm na straitéise, san áireamh tá daoine a chur ar an eolas,
rannpháirtíocht fostóirí agus teangacha sa tsochaí, chomh maith le gnéithe tábhachtacha den chur i bhfeidhm,
a bhaineann le teangacha san oideachas. Cuid eile dá ról ná taighde fheidhmeach a dhéanamh, a dhéanann
eolas agus tacaíocht don pholasaí.
6
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-