Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 7
Struchtúr agus Rialachas
Is tionscadal de chuid Aonad Polasaí Curaclaim agus Measúnaithe i Roinn an Oideachais (RO) é TIBÉ. Is fochoiste
de chuid Grúpa Comhairleacha Teangacha Iasachta (FLAG) é coiste bainistíochta TIBÉ – Grúpa Comhairleach Iarbhunscoile Teangacha Iasachta (FLAGPP). Bunaíodh é in 2018 chun maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh
ar chur i bhfeidhm Straitéis Languages Connect. Tuairiscíonn FLAGPP do FLAG.
Tugann an coiste seo comhairle agus tacaíocht, más cuí, do TIBÉ agus RO; cuireann sé deis plé ar chur i bhfeidhm
polasaí reatha agus comhairlíonn FLAG ar threo/tosaíochtaí don straitéis i réimse na n-iar-bhunscoile sa todhchaí;
tugann sé na príomhpháirtithe leasmhara le chéile chun comhairle a chur ar fáil ó réimse dearcthaí, chun tacú le
cur i bhfeidhm na Straitéise; déanann sé monatóireacht ar chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach na
ngnéithe/gníomhartha polasaí sa Straitéis agus sa Phlean Cur i bhFeidhm.
Is ball den chigireacht sa Roinn Oideachais a dhéanann cathaoirleacht ar FLAGPP, Maria Lorigan i láthair na huaire,
agus is ionadaí í ar son na cigireachta fosta ar FLAG. Cuireann TIBÉ an rúnaíocht ar fáil. I measc na mball ar an
bhfochoiste, tá ionadaithe iar-bhunscoile ó FLAG mar aon le saineolaithe eile cuí.
Faigheann TIBÉ maoiniú 100% ón RO. Faoi láthair, úsáideann siad cóiríocht oifige ag ESBS, RO, i mBaile Bhlainséir
agus seirbhísí curtha ar fáil ag Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.
Baill den Choiste
(Déanfar athbhreithniú ar bhallraíocht bunaithe ar dhaoine imithe ar scor agus ar athbhreithniú eatramhach na
straitéise))
An chigireacht, RO, Cathaoirleach
Maria Lorigan
Aonad Polasaí Curaclaim agus Measúnaithe
Leona De Khors, Lorcán Ó hAlmhain
TIBÉ/PPLI
Karen Ruddock
Oideachas Múinteoirí SSM/JCT
Clíodhna McManamon
ITE, Ollscoil Mhá Nuad
Dr Céline Healy
NAPD
Regina Butler
CNCM/NCCA
Mary-Elaine Tynan
CSS/SEC
Anne Marie Manton
Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí Teanga
Wilma Slevin
Saineolaí Teangacha agus Príomhoide ar Scor,
Pobalscoil Bhaile an Hartaigh
John Bean
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
7