Annual Report 2022 IRISH - Flipbook - Page 9
Chonaic muid torthaí i scaipeadh na tacaíochta don Pholainnis, le méadú go 35 ar líon na scoileanna a chuireann
Polainnis ar fáil. D’fhás an fhoghlaim chumaisc don tionscadal Polainnise ón rannpháirtíocht tosaigh de 4 scoil
CMETB, múinteoir amháin agus 16 scoláire, go 6 scoil CMETB, beirt mhúinteoirí agus 46 scoláire. Ó cuireadh
deireadh le srianta, thosaigh cuairteanna scoile arís, tháinig Cúntóirí Teangacha Iasachta Seapáinise ar ais, agus
bhuail muid le roinnt dár múinteoirí, gan mhasc, den chéad uair. Tháinig méadú ó 19 go 29 ar líon na ranganna
Sathairn a chuireann TIBÉ ar fáil do scoláirí, nach féidir leo teacht ar theangacha ina gcuid scoileanna féin.
Tosaíodh ar sheisiúin chomhairliúcháin do Nuatheangacha Iasachta, chun tacú le scoileanna a soláthar a
fheabhsú, a leathnú agus a éagsúlú. Scaipeadh ILAOS, uirlis don fhéinmheasúnú agus tacaíocht d’éagsúlacht
idirchultúrtha agus teangacha i scoileanna, le físeán a thaispeánann eispéireas scoile á húsáid, agus Pobal
Cleachtais nua. Cuireadh an scéim leabharlann chun cinn trí theacht agus trí láithreacht mhuintir na hÚcráine,
agus bhí ranganna Úcráinise ag am lóin, agus ranganna Úcráinise Oíche Chultúir. Chuir muid amach 9,331 mata
teanga chun tacú le scoláirí ón Úcráin teacht ar theanga an ranga, agus fuair muid fiosruithe fúthu seo ó áiteanna
i bhfad i gcéin, amhail an Íoslainn, an Danmhairg, SAM agus Ceanada.
Tá an fhoireann fós ag léiriú teacht aniar ollmhór i rith an ama seo. Ní fhéadfaimid é sin a dhéanamh gan ár
bhfoireann leathan, ar a bhfuil ár gcomhlaigh, múinteoirí agus tusa, na páirtithe leasmhara. Tá ardluach ag gach
duine againn ar do thacaíocht agus ar do chomhoibriú. Táimid ag súil le bualadh leat agus le hoibriú leat i
gcomhthéacs an athbhreithniú eatramhach ar Languages Connect – Straitéis do Theangacha Iasachta san
Oideachas in Éirinn agus an comhairliúchán a bhaineann leis, ag díriú arís ar thábhacht ár nasc agus ár
gcomhoibriú.
Go raibh maith agat as an tuairisc bhliantúil a léamh.
Karen Ruddock
Stiúrthóir TIBÉ/PPLI
- Tuairisc Bhliantúil 2022
-
9