Irish Tips for Hosting and Visiting Language Teachers - Flipbook - Page 2
Sula dtosaíonn tú…
Oibrígí le Chéile…
Múinteoir ranga
Múinteoir ranga
Y Má tá riachtanais áirithe ag páistí sa rang,
cuir sin in iúl don mhúinteoir ar cuairt.
Y Cuidigh le socrú na ranganna (cuir teilgeoir
ar siúl, iarr ar pháistí na háiseanna a bheith
réidh acu, cuir a n-ainmneacha ar a dtáblaí,
agus araile
Y Cuir an múinteoir ar cuairt ar an eolas faoi
ghnáthaimh agus amanna na scoile, faoi
pholasaithe ábhartha, polasaithe úsáid
inghlactha san áireamh.
Y Cuidigh leis an múinteoir ar cuairt naisc a
aithint le hábhair agus snáitheanna eile.
Y Mol áiseanna úsáideacha agus teicnící
bainistíochta ranga atá úsáideach, dar leat.
Y Ullmhaigh spás chun obair na bpáistí a chur
ar taispeáint. D’fhéadfadh sé seo a bheith
taobh istigh den seomra ranga agus taobh
amuigh de.
Y Bí páirteach agus foghlaim leis na páistí, glac
páirt i ngníomhaíochtaí agus i gcluichí.
Y Cuidigh leis an múinteoir ar cuairt le
bainistíocht ranga agus le tacú le páistí a
mbeadh cabhair uathu, b’fhéidir.
Y Déan naisc le hábhair agus snáitheanna eile.
Agus réimsí eile curaclaim á dteagasc agat,
déan naisc leis an bhfoghlaim ón modúl seo.
Y uidigh le páistí machnamh a dhéanamh ar
thábhacht na dteangacha chun meas a léiriú
ar éagsúlacht.
Múinteoir Teanga ar Cuairt
Y Mol agus aontaigh amchlár leis an scoil.
Y Pléigh naisc mholta thraschuraclaim leis an
múinteoir ranga
2
Múinteoir teanga ar cuairt
Y Déan cinnte naisc nó iarratas ar áiseanna a
chur chuig an múinteoir ranga roimh ré.
Y Inis don mhúinteoir ranga faoi na
gníomhaíochtaí, áiseanna agus straitéisí a
úsáidfidh tú.
Y Foghlaim ainmneacha na bpáistí (iarr orthu
gnáthainm i dteanga eile a roghnú agus/nó
dear taispeántas dá n-ainmneacha).
Y Faigh amach cé na saoráidí a bhfuil cead
agat a úsáid (halla corpoideachais, spás
taobh amuigh agus mar sin de.)
Y Iarr cabhair ar an múinteoir ranga i rith an
ranga agus glac leis go fonnmhar.
Y Tabhair eolas roimh ré faoi na háiseanna a
bheidh ag teastáil, m.sh.
teilgeoir/idirlíon/fótachóipeanna agus araile.
Y Iarr ar an múinteoir ranga, agus ar aon
mhúinteoir nó ar chúntóir riachtanais
speisialta eile a bheith páirteach sa cheacht.
Y Cuir obair na bpáistí ar taispeáint sa seomra
ranga agus sna pasáistí.
Y Tabhair aird ar noda cumarsáide ó bhéal
agus neamhbhriathartha an mhúinteora
ranga.