Irish Tips for Hosting and Visiting Language Teachers - Flipbook - Page 3
Neadaigh teangacha sa scoil agus déan ceiliúradh orthu mar scoil
Y Cinntigh go bhfuil pobal na scoile ar an eolas
faoi rannpháirtíocht do ranga in Cuir Fáilte
Roimh Theangacha!
Y Spreag tuismitheoirí/chaomhnóirí teacht go
dtí an scoil chun léamh, scéalta a insint nó
labhairt faoina dteangacha.
Y Socraigh spás sa scoil chun rannpháirtíocht sa
mhodúl a chur chun cinn agus chun roinnt
den obair a cruthaíodh a chur ar taispeáint.
Y Roinn éachtaí na bpáistí ar ardáin shóisialta na
scoile, i nuachtlitreacha agus ar na meáin
áitiúla.
Y Tabhair deiseanna do pháistí a gcuid
foghlama a thaispeáint agus chun na
teangacha éagsúla a úsáid ag ócáidí scoile
(tionól, laethanta cultúir, seachtain
idirnáisiúnta, bronnadh céime dheireadh na
bliana, fógraí laethúla, lá na
dtuismitheoirí/seantuismitheoirí agus araile.)
Y Tabhair cead do na páistí, agus spreag iad,
chun gach teanga atá ar eolas acu a úsáid
taobh istigh agus taobh amuigh den rang.
Y Treisigh an teanga nua trí í a úsáid anois is arís
tríd an tseachtain agus in ábhair eile, chun
tacú leis an bhfoghlaim.
Y Bí páirteach i gceiliúradh Lá Eorpach na
dTeangacha!
Y Smaoinigh faoin mbealach a dtacaíonn an
curaclam comhtháite teangacha le gach
teanga sa rang. Chun teacht ar thuilleadh
smaointe agus samplaí féach ar Theangacha
Y Iarr ar thuismitheoirí/chaomhnóirí a bheith
páirteach le cinntiú go dtacaíonn siad le
foghlaim na bpáistí sa bhaile. (Líon isteach
codanna an phas le chéile, déan comhrá faoi
na teangacha éagsúla baile a d’fhéadfaidís a
úsáid, déan iarracht an teanga nua a fhoghlaim
le chéile; do pháistí rang 6, déan comhrá faoi
rogha na n-ábhar san iar-bhunscoil).
Iar-bhunscoile Éireann | PPLI: Treoirlínte
Idirchultúrtha Bunscoile (i mBéarla)
Y Smaoinigh ar leabhair i dteangacha éagsúla
an phobail scoile a chur sa leabharlann scoile.
3