Languages Connect Primary School Sampler Module Pack Irish Nov 22 - Flipbook - Page 2
Fáilte!
Go raibh maith agat as cur isteach ar an
deis an modúl samplach a chur i bhfeidhm
i do scoil. Tá Teangacha Iar-bhunscoile
Éireann (PPLI) anseo chun cur i bhfeidhm
an mhodúil a éascú, trí oibriú go dlúth
le scoileanna agus le hoidí, agus chun a
chinntiú go mbainimid amach aidhmeanna
an mhodúil le chéile. Tá lúcháir orainn cuidiú
libh an modúl a chur chun cinn i do scoil.
Nóta ón ár bhfoireann
Ádh mór leis na modúil ón
bhFoireann Bhunscoile – an
Dr Kenia Puig, Salvo Cacciato,
Kate Tyndall agus Claudia Maloney.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh
chuig LanguagesConnect.ie/Primary
Guthán: +353 1 2150 289
Ríomhphost: primary@ppli.ie
An Modúl Samplach
Aidhmeanna
• Feasacht a ardú i measc páistí faoin réimse
teangacha – Teanga Chomharthaíochta
na hÉireann san áireamh – a úsáideann
daoine atá ar comhaois leo ina scoil agus
ina bpobal, a d’fhéadfadh tacú le cuimsiú
agus le tuiscint níos fearr ar ilghnéitheacht
na sochaí
• Foghlaim teangacha a spreagadh sna
hiar-bhunscoileanna
• Deiseanna a chur ar fáil chun comhoibriú
a chur chun cinn i bpobal na scoile maidir
le ceiliúradh a dhéanamh ar theangacha
agus ar chultúir
• Tacú le cur i bhfeidhm Languages Connect:
Straitéis na hÉireann um Teangacha
Iasachta san Oideachas.
Breathnóireachta
Ranga agus Aiseolas
Ba mhaith leis an PPLI cuairteanna a
thabhairt ar scoileanna, breathnóireacht a
dhéanamh ar ranganna agus aiseolas a roinnt
le múinteoirí, oidí agus bainisteoirí scoile.
B’fhéidir go mbeimis ag iarraidh grianghraif a
ghlacadh nó scannánaíocht a dhéanamh i do
scoil chun cuidiú le cur chun cinn an mhodúil
sa todhchaí. Déanfar é seo de réir pholasaithe
na scoileanna agus treoirlínte cuí sláinte agus
sábháilteachta ag an am, agus tar éis é a
aontú le bainistíocht na scoile.