Languages Connect Primary School Sampler Module Pack Irish Nov 22 - Flipbook - Page 3
Mo Phas Teanga
agus Stampaí
MO PHAS
TEANGA
Á sheachadadh ag
Le tacaíocht ó
Is cáipéis é an Pas Teanga a bheidh ag
gach páiste ina dturas agus é/í ag foghlaim
teangacha. Dearadh é le cur leis an méid a
dhéanann an t-oide i rith an teagaisc agus
leis na hacmhainní atá ar fáil ar ár suíomh.
Molaimid do pháistí é a úsáid chomh fada
agus atá an modúl ar siúl agus chun a gcuid
smaointe a scríobh agus iad ag cur lena
bhfeasacht teanga.
Molaimid do pháistí é a choinneáil don
fhoghlaim a dheanfaidh siad sa todhchaí
agus iad ag dul isteach san iar-bhunscoil.
Is acmhainn úsáideach é chun tacú le
comhráití faoi theangacha agus faoi
fhoghlaim teangacha ar scoil agus sa bhaile.
Is bealach spraíúil d’oidí iad na stampaí chun
dul chun cinn a aithint agus a chúiteamh. Is
féidir iad a úsáid ar obair na bpáistí agus ar
leathanaigh den Phas Teanga, agus is féidir
le páistí iad a thaispeáint dá dtuismitheoirí
agus iad ag dul chun cinn tríd an modúl.
Cuir ‘Fáilte’ roimh
spraoi le Teangacha
Tá a lán nithe spraíúla sa phaca freisin, chun
na teangacha atá á labhairt i do scoil agus
i do phobal a cheiliúradh agus a chur chun
cinn. Cuideoidh sé seo freisin chun feasacht
a ardú, chun tacú le cuimsiú níos mó agus
chun tuiscint a fháil ar ilghnéitheacht.
Taiscéalaithe Teanga
An Dr F La Morgia
Leabhar gníomhaíochta, le coinneáil
i leabharlann na scoile, chun tacú le
múinteoirí agus oidí an modúl a reáchtáil.
Forbraíodh Taiscéalaithe Teanga chun
cuidiú le páistí bunscoile foghlaim faoi na
teangacha éagsúla atá i láthair inár bpobail.
Cuireann na gníomhaíochtaí sa leabhar le
haidhmeanna an mhodúil shamplaigh, agus
forbraíonn siad iad, go háirithe maidir le
hardú feasachta agus le cuimsiú.
Sa phaca, gheobhaidh tú
a lán áiseanna chun cuidiú
le múinteoirí agus le páistí
a oiread agus is féidir a
fháil as an modúl teanga
samplach, agus chun
cuidiú le daoine a chur ar
an eolas faoi na teangacha
a úsáidtear sa scoil agus
sa phobal.
Language and Languages
in the Primary School
Some guidelines for teachers
by David Little and Déirdre Kirwan
ppli.ie
Teanga agus
Teangacha sa
Bhunscoil
An Dr D Little agus
an Dr D Kirwan
Forbraíodh na treoirlínte seo
chun tacú le cur chuige comhtháite
maidir le teagasc na Gaeilge agus an
Bhéarla, mar a mholtar i gCuraclam
Teanga na Bunscoile é. Tá cur
chuige ilteangach ann freisin ina
bhfuil teangacha breise. Tá samplaí
praiticiúla ann ó thaithí Scoil Bhríde
i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath.