PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 10
Aimsígí bhur
bhFoireann Seaimpíní
#ThinkLanguages
Le cinntiú go mbeidh rath ar an lá,
beidh foireann ag teastáil chun cuidiú
le heagrú fhéile bhur scoile.
Bíodh bhur scoláirí páirteach!
Is bealach iontach é #ThinkLanguages chun scoláirí a spreagadh le bheith páirteach in imeacht scoile.
Tugann sé deis dóibh a gcuid smaointe a thabhairt chun beatha agus a marc féin a chur ar an lá. Eagróidh
Foireann Seaimpíní #ThinkLanguages, mar aon le tacaíocht ó Stiúrthóir Foirne #ThinkLanguages
(Múinteoir/Comhordaitheoir idirbhliana), gach gné den fhéile. Tá go leor ról le líonadh, agus mar sin beidh
gach saghas tallainne ag teastáil. Molaimid daoibh múinteoirí agus baill foirne eile a spreagadh le bheith
páirteach chun rath a chinntiú ar an lá.
Chuir muid roinnt uirlisí agus tacaíochtaí ar fáil
chun cuidiú libh bhur bhFoireann Seaimpíní
#ThinkLanguages a cheapadh, agus chun treoir
a thabhairt dóibh ar an obair is gá a dhéanamh
chun rath a chinntiú d’fhéile bhur scoile san
áireamh ann tá:
›
›
›
Bileog do scoláirí chun a n-ainm a scríobh
Cártaí oibre
Láinnéar a léiríonn róil
Tá gach rud ar fáil ar chúl an lámhleabhair seo,
agus is féidir iad a íoslódáil ó
languagesconnect.ie/thinklanguages
8
Nuair a ghlacann scoláirí páirt
ghníomhach i bpleanáil imeachtaí,
mothaíonn siad úinéireacht agus
bród. Éiríonn siad gafa leis agus níos
spreagtha san fhoghlaim. Tagann
tuiscint níos doimhne as ceannas a
ghlacadh ar obair agus spreagann sé
treallús.