PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 12
An chéad chéim eile…
Bhur gcuid imeachtaí a
phleanáil!
Anois go bhfuil sibh ar an eolas faoina
bhfuil ar fáil ó Languages Connect agus
ár bpáirtithe, tá sé in am don Fhoireann
Seaimpíní nua tosú ag pleanáil. Ceiliúradh
ar theangacha agus ar chultúir a oireann
do bhur scoil agus acmhainní atá i gceist.
Smaoinigh go háitiúil!
Is fearr tosú le taighde a dhéanamh ar scoláirí, ar
ghnóthaí áitiúla, ar thuismitheoirí, agus ar ghrúpaí
pobail. Smaoinigh ar na daoine is fearr a labhródh nó
a chuirfeadh ceardlann ar fáil faoina gcultúr nó faoina
dturas foghlama teanga. B’fhéidir go bhféadfadh
duine cuisine cultúrtha a chócaráil agus a thaispeáint,
ceol oidhreachta a sheinm, nó labhairt faoi thábhacht
teangacha ina ngairm.
Ná déanaigí dearmad an t-imeacht a chur chun
cinn ar scáileáin scoile, póstaeir a chur ar taispeáint,
agus iarraidh ar bhainisteoir mheáin shóisialta na
scoile ábhar a roinnt faoin imeacht. D’fhéadfadh
sibh cuireadh a thabhairt do ghrianghrafadóir áitiúil,
stáisiún raidió nó tuairisceoir nuachta teacht agus an
lá a thaifeadadh, agus é a roinnt sa phobal!
Is féidir teacht ar ghníomhaíochtaí eile a d’eagraigh
scoláirí ar languagesconnect.ie/thinklanguages agus
ar chainéal YouTube de chuid Languages Connect le
haghaidh tuilleadh inspioráide
10