PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 18
Buaigh! Comórtas
na Foirne Seaimpíní
Buaigh turas chuig Príomhchathair
Theangacha na hEorpa!
Turas eisiach chuig croí ilchultúrtha na hEorpa agus
baile Choimisiún na hEorpa – an Bhruiséil – atá i
gceist sa duais iontach seo, maoinithe ag an Roinn
Gnóthaí Eachtracha mar chuid den straitéis Gairm
don AE.
Beidh deis ag an bhFoireann Seaimpíní a bhuann
(seisear scoláirí agus beirt mhúinteoirí tacaíochta)
féachaint ar gach rud atá sa chathair stairiúil seo,
1
2
3
16
Ullmhaíonn Foireann Seaimpíní na Scoláirí
imeachtaí na féile tríd an teimpléad, atá ar
shuíomh gréasáin Languages Connect nó
ar chúl an leabhráin seo, a líonadh isteach.
Iarrtar ar Fhoireann Seaimpíní na Scoláirí
alt gairid a scríobh chun míniú a thabhairt
ar a bpróisis chinnteoireachta maidir leis an
sceideal seo a fhorbairt.
Cuirigí imeachtaí na féile ó bhur bhfoireann
chuig thinklanguages@ppli.ie faoin
Aoine 10 Samhain chun cur isteach ar an
gcomórtas seo.
Déanfar athbhreithniú ar gach clár féile
agus déanfar measúnú orthu bunaithe
ar an gcaoi a ndéanfaidh an Fhoireann
Seaimpíní iniúchadh ar theangacha agus
ar chultúir le linn a n-imeachta, cuimsiú
théamaí #ThinkLanguages mar aon le
rannpháirtíocht an phobail scoile agus an
phobail áitiúil.
A Career for EU
Gairm san AE
san áireamh tá foirgnimh áille an Grand-Place, na
seacláidí agus vaiféil atá cáiliúil ar fud an domhain,
mar aon le turas chuig Parlaimint na hEorpa chun
léargas a fháil ar Gairm don AE.
Ní fhéadfadh sé a bheith níos éasca cur isteach
air – níl le déanamh ag an bhFoireann Seaimpíní
ach imeachtaí na féile a chur isteach faoin Aoine 10
Samhain 2023.
Féachaigí ar cé chomh héasca is atá sé do scoileanna
a bheith páirteach:
4
5
Beidh ball dár bpainéal moltóireachta ag
tabhairt cuairt ar roinnt scoileanna lá an
imeachta #ThinkLanguages.
Tabharfar cuireadh do na Foirne Seaimpíní
#ThinkLanguages is fearr chuig imeacht
eisiach i mí Eanáir 2024, chun labhairt leis
na moltóirí faoin eispéireas a bhí acu le
#ThinkLanguages. Bronnfar an duais ar
an bhFoireann Seaimpíní a bhuann ag an
imeacht seo.
Is é an Aoine 10 Samhain 2023
an spriocdháta d’iarratais. Coinnígí
súil ar ár meáin shóisialta agus
d’uasdátuithe ar ríomhphost maidir
leis an gComórtas Foireann Seaimpíní
#ThinkLanguages.