PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 20
Uirlisí Tacaíochta
Cuir síos ar Cheardlanna Ar líne
19
Is ceardlanna réamhthaifeadta iad seo a chuireann Languages Connect ar fáil. Maireann
siad 30 nóiméad. Beidh ceardlanna agus bileoga oibre ar fáil ar leathanach Languages
Connect ar an suíomh gréasáin.
Teimpléad do Chlár Féile #ThinkLanguages
23
Is bealach áisiúil é teimpléad Chlár na Féile chun pleananna do bhur n-imeacht a
choinneáil in áit amháin. Cuirigí isteach amanna gach gníomhaíochta, an duine atá i
gceannas air agus an áit a mbeidh sé ar siúl. Is féidir an clár seo a roinnt le lucht na
hidirbhliana a bheidh ag glacadh páirte ar an lá ionas go mbeidh a fhios acu cad iad na
gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl. D’fhéadfaí é a chrochadh ar chláir fógraí chun daoine
a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl. Nuair a bheidh sé déanta,
is é Clár na Féile an fhoirm iarratais do chomórtas na Foirne Seaimpíní. Bígí cinnte go
gcuireann sibh isteach roimh an Aoine 10 Samhain é.
Cártaí Oibre
Tugann na cártaí oibre príomhfhreagrachtaí do gach ról ar an bhFoireann Seaimpíní.
Tabharfaidh siad treoir do na scoláirí ar a bhfuil le déanamh acu agus
ar an ról atá acu ar an bhFoireann Seaimpíní.
18
25