PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 28
Bainisteoir Sceidealaithe na Féile
#ThinkLanguages
Smaoinigh go Domhanda
Gníomhaigh go hÁitiúil
Baineann an ról seo le pleanáil imeachtaí an lae agus le
hobair bhaill na foirne a chomhordú le cinntiú go n-éiríonn
go maith leis an lá
Tascanna agus freagrachtaí:
›
›
›
Bainisteoir
Sceidealaithe
na Féile
›
›
Roghnaigh lá i rith Sheachtain #ThinkLanguages chun an
príomhimeacht a óstáil
Labhair leis na Bainisteoirí Gníomhaíochtaí agus Táirgthe
le fáil amach (i) cá fhad a mhaireann gach gníomhaíocht
agus imeacht, (ii) cén fearas atá ag teastáil, (iii) an fad a
ghlacfaidh sé le cur ar bun, (iv) cad iad na hamanna a
bheidh ceardlanna agus cainteoirí ar fáil
B’fhéidir gur ghá an bliainghrúpa a roinnt, nó an
ndéanfaidh gach duine na gníomhaíochtaí le chéile –
socraigh é seo i bpleanáil an sceidil
Cruthaigh clár na féile – is é seo iarratas bhur
bhfoireann i gComórtas na Foirne Seaimpíní. Mar sin,
bí cinnte go bhfaigheann tú aiseolas agus smaointe ó
gach duine sula gcuireann tú isteach é!
Coinnigh súil ar an am ar an lá, agus déan cinnte go
bhfuil gach duine ag cloí leis an sceideal
Bainisteoir Gníomhaíochtaí
#ThinkLanguages
Smaoinigh go Domhanda
Gníomhaigh go hÁitiúil
Baineann an ról seo le cinntí a ghlacadh faoin gcineál
gníomhaíochtaí nó ceardlann ba mhaith leat a chur san
áireamh san imeacht. Baineann sé fosta le hoibriú leis an
gcuid eile den Fhoireann Seaimpíní chun rudaí a ullmhú dóibh
Tascanna agus freagrachtaí:
›
›
›
Bainisteoir
Gníomhaíochtaí
26
›
›
Smaoinigh ar scoláirí/thuismitheoirí/mhúinteoirí a
bheadh ábalta labhairt nó ceardlann a eagrú don
imeacht. Tabhair cuireadh dóibh!
A luaithe is atá sonraí cinntithe leis an mBainisteoir
Sceidealaithe, roinn an t-eolas ar fad leis na
haoichainteoirí agus leis na héascaitheoirí ceardlann.
Déan teagmháil leis an mBainisteoir Táirgthe le cinntiú
go bhfuil an fhoireann, an scoil agus na seomraí réidh
do na gníomhaíochtaí a roghnaigh sibh.
Déan cinnte go ndeir tú le scoláirí a bheidh ag freastal
ar na ceardlanna cén fearas atá le tabhairt acu leo.
Féach ar na ceardlanna fíorúla, agus roghnaigh ceann
agus roghnaigh gníomhaíochtaí eile don imeacht
#ThinkLanguages, amhail féachaint ar scannán teanga
iasachta sa phictiúrlann áitiúil leis an ISÉ/IFI, nó dul ar
thuras chuig an gcampas ollscoile is cóngaraí!