PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 29
Bainisteoir Margaíochta agus Meán Sóisialta
#ThinkLanguages
Smaoinigh go Domhanda
Gníomhaigh go hÁitiúil
Baineann an ról seo le cur chun cinn an imeachta agus é
a thaifeadadh roimh Sheachtain #ThinkLanguages le linn
bhur n-imeachta féin agus ina dhiaidh
Tascanna agus freagrachtaí:
›
›
›
Bainisteoir
Margaíochta agus
Meán Sóisialta
›
›
›
Faigh amach níos mó faoi mheáin shóisialta na scoile
agus faigh amach cé atá á reáchtáil. Beidh ort cabhair a
iarraidh orthu chun an scéal a scaipeadh faoin imeacht!
Déan taighde ar theicnící margaíochta agus meán
sóisialta agus déan plean chun an t-imeacht a chur
chun cinn.
Socraigh cé na daoine ba mhaith leat a chur ar an eolas,
scoláirí/múinteoirí/tuismitheoirí/daoine sa phobal.
Smaoinigh ansin ar an mbealach is fearr chun an
teachtaireacht a chur chucu.
Smaoinigh as líne – aon bhealach eile chun an
t-imeacht a chur chun cinn timpeall na scoile agus sa
phobal áitiúil?
Tús maith iad póstaeir, nó fógra ar idirchum na scoile,
nó i nuachtán áitiúil.
Féach ar na háiseanna atá ar fáil ar languagesconnect.
ie/thinklanguages, agus faigh amach a oiread agus is
féidir faoin gcomórtas meán sóisialta. Faigh amach
freisin conas cur isteach air
Bainisteoir Táirgthe
#ThinkLanguages
Smaoinigh go Domhanda
Gníomhaigh go hÁitiúil
Baineann an ról seo le heagrú an fhearais ar fad a bheidh
ag teastáil don imeacht, seomraí a chur in áirithe, agus na
hionaid ar fad a bheidh in úsáid ar an lá a ullmhú
Tascanna agus freagrachtaí:
›
›
›
Bainisteoir
Táirgthe
›
Tar éis labhairt leis an mBainisteoir Gníomhaíochtaí,
cruthaigh liosta den fhearas a bheidh ag teastáil do
gach gníomhaíocht in imeacht #ThinkLanguages.
Smaoinigh faoi líon na seomraí/spásanna a bheidh ag
teastáil agus déan pleanáil orthu (m.sh. halla spóirt ní
cistin). Labhair leis na baill chuí foirne chun iad a chur
in áirithe don lá.
An bhfuil scáileáin, teilgeoirí, callairí nó micreafóin ag
teastáil don imeacht? Cinntigh go bhfuil cead agat
iad a úsáid don lá, agus bíodh a fhios agat conas iad a
shocrú.
Déan babhta tobsmaointeoireachta maidir le
maisiúcháin ar na seomraí agus hallaí don imeacht.
Déan plean go mbeidh sé sin ar fad déanta faoi
sheachtain #ThinkLanguages.
27