PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 3
Fáilte go #ThinkLanguages
2023!
Go raibh maith agat as clárú do #ThinkLanguages – féile idirbhliana do
theangacha agus do chultúir. Beidh sé ar siúl i scoileanna ar fud na hÉireann
ón Luan 27 Samhain go dtí an Aoine 1 Nollaig 2023. Beidh sibh féin agus
bhur gcuid scoláirí páirteach leis na mílte scoláirí idirbhliana eile agus sibh
ag óstáil féile scoile #ThinkLanguages. Déanfaidh an fhéile seo ceiliúradh ar
na buntáistí iomadúla sóisialta, pearsanta agus gairmeacha a bhaineann le
teangacha.
Spreagann na buntáistí seo scoileanna chun beocht a chur ina bhféile agus
chun smaoineamh ar na deiseanna obair dhomhanda, ciorcal níos leithne
cairde a fháil, eispéiris saoil níos fearr a bheith agaibh agus cur chun cinn
scileanna saoil. Cuireann teangacha iad seo ar fad ar fáil.
Cuidíonn na téamaí seo, de chuid #ThinkLanguages, leat céimeanna éagsúla
in bhur bhféile a phleanáil agus sibh ag smaoineamh ar na gníomhaíochtaí a
bheidh ann.
Is é 2023 an 6ú bliain as a chéile a bheidh #ThinkLanguages ar siúl agus tá
an-áthas orainn go bhfuil bhur scoil páirteach ann.
Cuideoidh an lámhleabhar seo libh tosú ar an eagrú agus sibh ag cruthú
imeacht uathúil do lucht na hidirbhliana, mar aon le Foireann Seaimpíní
Scoláirí de chuid #ThinkLanguages.
A Career for EU
Gairm san AE
Beidh deis agaibhse agus ag Foireann
Seaimpíní Scoláirí de chuid #ThinkLanguages
duais iontach a bhuachan – turas go dtí an
Bhruiséil, príomhchathair chultúrtha na hEorpa
– a bhuíochas lenár gcairde sa Roinn Gnóthaí
Eachtracha. Féach ar na sonraí faoin duais
iontach seo ar leathanach 16.