PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 30
Bainisteoir Taighde
#ThinkLanguages
Smaoinigh go Domhanda
Gníomhaigh go hÁitiúil
Baineann an ról seo le taighde a dhéanamh ar na teangacha
a labhraítear i do scoil agus i do cheantar áitiúil, agus mar is
féidir leo cur le hImeacht #ThinkLanguages
Tascanna agus freagrachtaí:
›
›
›
Bainisteoir
Taighde
›
›
Fold back
28
Déan taighde chun foghlaim cé mhéad teanga a
labhraíonn scoláirí i do scoil agus cé mhéad scoláire i do
scoil atá dátheangach.
Déan taighde ar dhaoine nó eagraíochtaí i do cheantar
áitiúil, amhail ollscoileanna, gnóthaí nó clubanna, a
chuireann seirbhís ar fáil i nuatheanga iasachta. Oibrigh
leis an mBainisteoir Gníomhaíochtaí chun cuireadh a
thabhairt dóibh chuig bhur n-imeacht.
Aimsigh bealaí chun an t-eolas a bhailigh tú a thaispeáint
ag bhur n-imeacht, amhail póstaeir nó cur i láthair le fíricí
suimiúla faoi theangacha i do scoil.
Aimsigh siopaí nó bialanna Iodálacha/Polannacha/
Francacha/Brasaíleacha a mbeadh suim acu cur le
himeacht #ThinkLanguages.
B’fhéidir go mbeidh cuidiú ag teastáil ón mBainisteoir
Sceidealaithe agus Gníomhaíochtaí chun teacht ar
chainteoirí agus chun am a eagrú dóibh. Bí cinnte go
roinneann tú torthaí do thaighde leis an bhfoireann
Seaimpíní!