PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 4
Mar a oibríonn #ThinkLanguages
Is imeacht iontach é #ThinkLanguages do
lucht na hidirbhliana. Bainfidh siad sult as
cuidiú lena eagrú, nó trína bheith páirteach ar
an lá agus iad ag ceiliúradh teangacha agus
cultúr.
Ní neart go cur le chéile!
Obair foirne atá i gceist le #ThinkLanguages, mar
atá le féilte móra eile. Iarraimid ar chomhordaitheoirí
idirbhliana, scoláirí idirbhliana, múinteoirí NTI agus
gach ball d’fhoireann na scoile oibriú le chéile chun
bhur bhféile teangacha agus cultúr féin a chruthú, lá
a oireann daoibh idir an Luan 27 Samhain agus an
Aoine 1 Nollaig.
Molaimid daoibh Foireann Seaimpíní Scoláirí de
chuid #ThinkLanguages mar aon le Stiúrthóir Foirne
(Comhordaitheoir idirbhliana nó múinteoir NTI) a
cheapadh chun cabhrú an t-imeacht a eagrú.
Táimid anseo chun cabhrú libh!
Beidh foireann tacaíochta #ThinkLanguages ar
fáil mar pháirtí féile daoibh. Cuirfidh siad trealamh
agus tacaíochtaí féile ar fáil chun tacú libh lá
iontach a eagrú! Má tá ceist ar bith agaibh i rith an
ullmhúcháin, déanaigí teagmháil leis an bhfoireann ag
thinklanguages@ppli.ie
@LanguagesConnect.ie
@langsconnect_ie
@languagesconnect
Inspioráid
Is féidir fáil amach faoina bhfuil ar fáil
agus inspioráid a fháil do bhur bhféile ar
languagesconnect.ie/thinklanguages.
Tá buaicphointí ó #ThinkLanguages roimhe
seo ar fáil, mar aon le
pleanálaithe is féidir a
íoslódáil, noda agus cleasa,
nuacht agus uasdátuithe ar
imeacht na bliana seo agus
go leor eile!
Ar fáil fosta, tá grúpa Facebook dírithe ar
mhúinteoirí teangacha, mar spás chun inspioráid a
fháil, chun smaointe a roinnt agus chun ceisteanna
a chur. Cuardaígí grúpa #ThinkLanguages
2023 ar Facebook chun a bheith páirteach
i bpobal múinteoirí atá ag pleanáil a gcuid
imeachtaí #ThinkLanguages féin. Cuardaígí
#ThinkLanguages ar Twitter chun tuairim a fháil
den mhéid atá déanta ag scoileanna eile.
Beidh cuntais Languages Connect ar Twitter,
Instagram agus ar
Facebook an-ghnóthach
le huasdátuithe agus mar
sin, bígí cinnte go leanann
sibh muid chun fáil amach
faoin mbealach a ndéanann
scoileanna agus eagraíochtaí
eile ceiliúradh ar #ThinkLanguages 2023.
Téigh inár ngrúpa Facebook!
2