PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 7
I rith Sheachtain
#ThinkLanguages 2023
Beidh an tseachtain idir Luan 27 Samhain agus an
Aoine 1 Nollaig an-ghnóthach i scoileanna fud fad na
tíre. Chun tacú libh, cuirfidh muid raon gníomhaíochtaí
ar fáil le cur san áireamh in imeachtaí na féile.
›
Searmanas Oscailte: Beidh rochtain agaibh ar
fhíseán 30 nóiméad, ina mbeidh buaicphointí agus
léargais ó dhaoine inspioráideacha a rug sochair
na dteangacha leo.
›
Tráth na gCeist Náisiúnta Idirghníomhach
#ThinkLanguages: Bígí páirteach sa tráth na
gceist spraíúil i gcoinne scoileanna ar fud na tíre
chun fáil amach cé aige a bhfuil an t-eolas is
mó faoi theangacha! Beidh an tráth na gceist 30
nóiméad beo, bunaithe ar theangacha, ar siúl faoi
dhó sa lá tríd an tseachtain ar fad. Níl cead agaibh
a bheith páirteach níos mó ná uair amháin, áfach!
›
Ceardlanna Réamhthaifeadta: Raon leathan
ceardlanna 30 nóiméad, ar féidir iad a íoslódáil.
San áireamh tá raon leathan teangacha agus
ábhar. Tá sonraí fúthu seo ar fáil ar lgh 19-22
den lámhleabhar seo. Beidh na físeáin ar fáil ag
languagesconnect.ie/thinklanguages ó mhí na
Samhna.
›
Ceardlanna beo: Dáilfimid ceardlanna
beo #ThinkLanguages roimh sheachtain
#ThinkLanguages. Bíonn an-tóir ag scoileanna
orthu seo. Má chuireann sibh in iúl dúinn go bhfuil
suim agaibh i gceardlann bheo, beimid i dteagmháil
libh roimh ré chun a chur in iúl daoibh an mbeidh
nó nach mbeidh ceann agaibh.
Agus tá tuilleadh ann!
A bhuíochas le páirtithe #ThinkLanguages 2023
– Institiúid Scannán na hÉireann, Gnó sa Phobal in
Éirinn, agus roinnt Institiúidí Ardoideachais – beidh
rogha ag scoileanna roinnt gníomhaíochtaí speisialta
a roghnú dá n-imeachtaí féile!
5