PPLI 2023 Champion Team Handbook Irish Web v9 - Flipbook - Page 8
Páirtithe Féile
Téigí ar thuras le bhur bhFéile #ThinkLanguages!
Féach ar bheocht teangacha taobh amuigh de
gheataí na scoile…
Tá páirtithe iontacha againn i mbliana, agus tá gníomhaíochtaí iontacha ar fáil uathu ar féidir
iad a chur mar chuid de bhur n-imeachtaí Féile #ThinkLanguages. Ligigí do bhur scoláirí beocht
teangacha a fheiceáil taobh amuigh de gheataí na scoile.
#ThinkLanguages ag an
bPictiúrlann!
Is í Institiúid Scannán na hÉireann (ISÉ)
an institiúid chultúrtha do scannáin. Trína
gcuid cláir éagsúla i bpictiúrlanna agus ar
líne, cuireann siad scannáin nua náisiúnta
agus idirnáisiúnta den chéad scoth ar fáil
do lucht féachana de gach aois.
De réir a gclár scoile, déanfaidh an
ISÉ scannáin i dteangacha iasachta
do sheachtain #ThinkLanguages.
Tabharfaidh sé seo deis do scoláirí ar
fud na tíre roinnt de na scannáin nua
a fheiceáil sa teanga atá á foghlaim
acu. Taispeánfar na scannáin san ISÉ i
mBaile Átha Cliath agus i réimse ionad
ar fud na tíre. Is féidir iad a shruthú
díreach i seomraí ranga freisin. Tá gach
rogha ar fáil agus sibh ag pleanáil bhur
n-imeacht #ThinkLanguages.
#ThinkLanguages ag Obair!
Is gluaiseacht é Gnó sa Phobal in Éirinn
(GPÉ/BITCI) um athruithe inbhuanaithe
i ngnó. Tá sraith cláir oideachasúla
acu a bhunaíonn comhpháirtíocht idir
scoileanna agus gnóthaí in Éirinn.
Tá GPÉ/BITCI, mar aon lena gcairde
i ngnóthaí ar fud na tíre, ag ceiliúradh
#ThinkLanguages trí chuidiú le scoláirí
buntáistí teangacha a aithint maidir le
gairm. B’fhéidir go bhfuil gnó in aice bhur
scoile a fháiltíonn roimh chuairteoirí i rith
sheachtain #ThinkLanguages, nó gnó a
chuireann seimineáir ghréasáin ar fáil.
Faighigí amach tuilleadh faoina bhfuil ar fáil ónár bpáirtithe
ag languagesconnect.ie/thinklanguages-partners
agus ar shuíomhanna gréasáin s’acu.
6