Toolkit Pages IRISH for Paperturn - Flipbook - Page 3
Noda
Fáilte chuig Sraith Acmhainní don Lá Oscailte
Dearadh an tsraith seo acmhainní chun cabhrú leat scoláirí, atá ag teacht isteach sa chéad
bhliain, a spreagadh chun fáilte a chur roimh theangacha, agus ábhair á roghnú acu don
tSraith Shóisearach.
Sa tsraith seo acmhainní, tá réimse smaointe agus áiseanna, na nithe seo thíos san áireamh:
•
•
•
•
Noda chun lá/oíche oscailte a óstáil i do scoil, do scoláirí a bheidh ag teacht isteach sa chéad bhliain, agus
dá dtuismitheoirí
Smaointe chun scoláirí agus a dtuismitheoirí a mhealladh le cluichí agus gníomhaíochtaí ar líne
Pas teanga a dearadh chun muinín a thabhairt do scoláirí as a gcumas teanga iasachta a fhoghlaim
gníomhaíochtaí a bhaineann le teanga faoi leith do na ceithre phríomhtheanga churaclaim sa tSraith
Shóisearach
Tá réimse leathan acmhainní, bileog agus físeán ag Languages Connect chun cabhrú leat teangacha a chur
chun cinn i do scoilse. Tá samplaí de roinnt acu seo sa tsraith seo acmhainní:
• Bileog do thuismitheoirí/chaomhnóirí, ar a bhfuil noda faoina thábhachtaí atá sé scoláirí a spreagadh chun
teanga a roghnú mar ábhar
• Greamáin spraíúla le tabhairt amach do scoláirí
• Samplaí de bhileoga eolais i bhFraincis, i Spáinnis, in Iodáilis agus i nGearmáinis
• Póstaeir chun cabhrú leat na rudaí seo a roinnt – (i) do thuras foghlama teanga féin, (ii) scileanna a fuair tú ó
fhoghlaim theanga agus (iii) an réimse teangacha a labhraítear cheana féin sa scoil.
Chun teacht ar thuilleadh eolais agus ar uasdátú ar na hacmhainní seo agus ar go leor eile, téigh chuig
languagesconnect.ie nó lean Languages Connect ar Facebook, Twitter, YouTube agus Instagram.
Ádh mór!