Toolkit Pages IRISH for Paperturn - Flipbook - Page 9
4L(1)
Gléas digiteach
ag teastáil
Searáidí (Charades)
Treoracha do mhúinteoirí
Is é aidhm na gníomhaíochta seo ná do na scoláirí, iad ag obair i mbeirteanna, focail atá ar eolas acu cheana,
a thomhas sa sprioctheanga. Tá an ghníomhaíocht seo bunaithe ar an teicneolaíocht.
Rudaí atá ag teastáil:
Is gá an aip Charades! a íoslódáil ón aipmhargadh. Agus í íoslódáilte, cliceáil ar 8quick play9 agus roghnaigh
8custom9. Roghnaigh 8others9 sa chéad rogha eile, agus cuir isteach an comhartha aitheantais cluiche cuí thíos.
Imríonn scoláirí/tuismitheoirí i mbeirteanna. Cuireann Páirtí A an gléas os cionn a chloiginn. Léann Páirtí B an
focal agus déanann mím air. Má thomhaiseann Páirtí A i gceart, claonann Páirtí B an gléas i dtreo an urláir. Má
fhaigheann sé/sí mícheart é, cuireann sé/sí i dtreo na spéire é.
Chun cur leis an gcluiche, bíodh dhá bheirt ag imirt in aghaidh a chéile.
Áiseanna atá ar fáil:
1)
Cluichí Réamhullmhaithe
•
Comhartha aitheantais cluiche don Fhraincis: ByzdJDDOL
Focail san áireamh sa leagan Fraincise:
Un théâtre; la télévision; le foot; un menu; un crayon de couleur; un café; une moustache; un éléphant;
un ballon; une guitare
•
Comhartha aitheantais cluiche don Ghearmáinis: SJw4qj3dL
Focail san áireamh sa leagan Gearmáinise:
das Auto; die Schule; die Banane; das Haus; der Mann; der Athlet; der Garten; das Krokodil; der Delon;
das Telefon
•
Comhartha aitheantais cluiche don Iodáilis: SkRy8snu8
Focail san áireamh sa leagan Iodáilise:
Il cinema; un telefono; un cafè; una televisione; una bicicletta; una zucchina, un broccolo; una banana;
un elefante
•
Comhartha aitheantais cluiche don Spáinnis: B1KzNs3OU
Focail san áireamh sa leagan Spáinnise:
El teatro; la televisión; el fútbol; un menú; un café; un elefante; una guitarra; un brócoli; un teléfono; una
bicicleta.
2)
Is féidir na cártaí aitheantais cluiche ar na leathanaigh ina dhiaidh seo a chóipeáil agus a thabhairt
do scoláirí le himirt sa bhaile.
languagesconnect.ie