Using language mats in the MFL classroom IRISH - Flipbook - Page 2
Mataí teanga a úsáid sa seomra ranga
Cad atá i gceist le ‘mata teanga’?
Is áiseanna tacaíochta in-athúsáidte do scoláirí iad na mataí teanga don seomra ranga. Léiríonn siad
na frásaí agus an stór focal a úsáidtear go laethúil i seomraí ranga, iad roinnte ina dtéamaí nó ina
gcatagóirí. Cuireann siad le muinín agus le líofacht na scoláirí in úsáid na sprioctheanga sa seomra
ranga, i ngníomhaíochtaí treoraithe agus go spontáineach. Spreagann siad breis gníomhaithe freisin
idir múinteoirí agus scoláirí, agus idir na scoláirí iad féin.
Tá sraith mataí teanga forbartha ag PPLI chun tacú le múinteoirí teanga na cuspóirí seo a bhaint amach
agus chun na huirlisí a bhíonn de dhíth ar scoláirí, chun cumarsáid a dhéanamh sa sprioctheanga, a
thabhairt dóibh dá n-aistear teanga, bíodh sé ag a thús nó níos déanaí san aistear sin.
Cá bhfuil mataí teanga PPLI ar fáil don seomra ranga?
Tá dhá rogha agat:
1) Íoslódáil agus clóigh na mataí tú féin ón suíomh gréasáin ag:
https://ppli.ie/Irish Link to Go Here when its up
2) Seol ordú chuig PPLI do phaca ranga díobh, saor in aisce.
Léigh an t-eolas go cúramach sula líonann tú isteach an
fhoirm, le do thoil. Tá an fhoirm le fáil ar
http://bit.ly/Irish Link to Go Here when its up
Na mataí teanga a úsáid:
1. Leideanna praiticiúla
• Bainfidh gach bliainghrúpa tairbhe as na mataí teanga.
• Bíodh na mataí ar bhoird na scoláirí nó tabhair dóibh
iad agus iad ag siúl isteach sa rang.
• Mínigh cad leis a bhfuil tú ag súil ó thaobh úsáid na
sprioctheanga de, ag brath ar leibhéal forbartha na
scoláirí.
• Tá sé tábhachtach léamh trí na mataí ar dtús agus díriú
ar an bhfuaimniú.
• Mínigh go ndéanfar botúin agus na mataí in úsáid.
Ceartaigh iad nuair is cuí.
• Cuir i gcuimhne dóibh nach gá teanga na mataí a
fhoghlaim de ghlanmheabhair sa chéad chúpla rang
ach iad a úsáid mar thaca.
• Tabhair am dóibh na frásaí atá de dhíth orthu a aimsiú.
De réir mar a úsáideann siad na frásaí, rachaidh siad i
dtaithí ar an leagan amach agus beidh siad níos muiníní.
• Mar thús, mínigh do na scoláirí conas iad a úsáid agus
an tairbhe atá le baint astu. Cruthaigh cúpla cluiche a
chabhróidh le scoláirí dul i dtaithí ar an leagan amach.
Mar shampla:
o Rás scimeála agus spléachaidh. Tabhair frása dóibh i
nGaeilge agus iarr orthu an t-aistriúchán sa
sprioctheanga a aimsiú.
o Éisteacht bhréige. Abair frása sa sprioctheanga ach
déan botún. Iarr ar na scoláirí an frása a aimsiú|
agus é a rá i gceart.
o Comhchuimhne. Tabhair mír den leathanach dóibh le
foghlaim de ghlanmheabhair mar ghrúpa. Ansin, cuir
cúpla ceist orthu, iarr orthu cé mhéad is cuimhin leo
agus iarr orthu iad a rá amach os ard.
• Oide faoi oiliúint. Iarr ar scoláire teacht go barr an ranga
chun roinnt treoracha a thabhairt. Caithfidh na scoláirí
eile na treoracha a leanúint.
languagesconnect.ie