Using language mats in the MFL classroom IRISH - Flipbook - Page 3
2. Moltaí breise
• Úsáid na mataí mar áis don rólghlacadh
agus teanga an tseomra ranga á
múineadh/á hathdhéanamh.
• Iarr ar scoláirí a bheith ag obair i bpéirí/i
ngrúpaí chun na habairtí/ceisteanna, a
bheidh de dhíth le haghaidh
gníomhaíochta, a aimsiú.
• Úsáid iad mar chuid de chluiche sa rang. I
bpéirí/i ngrúpaí, tugann scoláire amháin
dúshlán do scoláire/scoláirí eile freagairt
do cheist/treoir ar an gclár bán nó frása
áirithe a rá sa sprioctheanga. Is féidir é
seo a fhorbairt mar dhúshlán
seachtainiúil.
• Úsáid an mata chun feasacht teanga a
fhorbairt. Mar shampla, an bhfuil
cosúlachtaí idir na frásaí/focail sa
sprioctheanga agus cinn sa
Ghaeilge/Bhéarla/i dteanga eile atá acu?
Cad a léiríonn an mata dóibh faoi ord na
bhfocal?
• Agus iad ag obair i ngrúpaí, aontaíonn
siad ar an bhfrása/abairt is feiliúnaí
d’ócáid áirithe. Mar shampla – turasóir ag
siopadóireacht, ag stáisiún traenach, ag
lorg treoracha agus araile.
• De réir mar a dhéanann scoláirí dul chun
cinn ina gcuid foghlama, d’fhéadfadh siad
mataí teanga nua a chruthú a dhíreodh ar
thascanna ranga, alt tuairimíochta a
scríobh, mar shampla. Tá samplaí le
feiceáil anseo:
http://bit.ly/38LLAeT
http://bit.ly/38xkSX9
Tá tuilleadh eolais ar
mhataí teanga le fáil ar:
http://bit.ly/36nsc6j
http://bit.ly/36oTSYl